Jump to content

Moladh (Aontas Eorpach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is gníomh nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí é moladh[1] atá sainmhínithe i nAirteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[2][3] agus, dá réir sin, is cuid de dhlí tánaisteach an Aontais é. Tá gníomh eile dá leithéid luaite sa chonradh agus é sin an tuairim.

Deirtear in Airteagal 288:[3]

D'fhonn inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú, glacfaidh na hinstitiúidí rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí.
...
Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí ná le tuairimí.

Socraítear moltaí trí idirbheartaíocht faoi réir na nósanna imeachta is cuí. Cé nach bhfuil feidhm dlí dhíreach acu, tá tionchar polaitiúil acu agus reachtaíocht á hullmhú sna ballstáit.

De réir Airteagail 292, is féidir leis an gCoimisiún Eorpach, agus i gcásanna áirithe Banc Ceannais Eorpach, moltaí a dhéanamh.[2]

Deirtear in Airteagal 292:[4]

Glacfaidh an Chomhairle moltaí. Gníomhóidh sí ar thogra ón gCoimisiún sna cásanna uile ina bhforáiltear sna Conarthaí go nglacfaidh sí gníomhartha ar thogra ón gCoimisiún. Gníomhóidh sí d'aon toil sna réimsí sin inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún, agus an Banc Ceannais Eorpach sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sna Conarthaí, moltaí a ghlacadh.

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]