Mol Ní Mhaoileoin (stair)


De réir scéal cáiliúil béaloidis, ba chailín óg álainn í Mol Ní Mhaoileoin.[1] D’oibrigh sí mar dhíoltóir éisc go dtí gur bhásaigh sí go tobann de bharr fiabhrais. Tar éis a báis, deir an scéal gur thosaigh a taibhse ag siúl shráideanna Bhaile Átha Cliath.[2]
Bunús
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl aon fhreagra soiléir ann an duine fíor a bhí inti nó nach é. Tá roinnt teoiricí ann faoi cé a d’fhéadfadh sí a bheith bunaithe uirthi. Mhol teoiric amháin go bhfuil sí bunaithe ar bhean fhíor a fuair bás i mBaile Átha Cliath in 1699. Mar sin féin, leanann an díospóireacht ar aghaidh maidir le fírinne scéal Mhol Ní Mhaoileoin nó a mhalairt.
Tháinig an bailéad "Molly Malone" a ó pheann James Yorkston ó Dhún Éideann timpeall na bliana 1880.
Dealbh Rynhart
[cuir in eagar | athraigh foinse]Coimisiúnaíodh dealbh in 1987/1988 do cheiliúradh mílaoise Bhaile Átha Cliath. Is í an t-ealaíontóir Jeanne Rynhart a chruthaigh í.[2] [3]
Is tarraingt mhór do thurasóirí é ó shin. Bíonn leasainmneacha leathgháirsiúla ag muintir na háite ar an dealbh, ós rud é go gcuireann sí in iúl go raibh cíocha móra éiritheacha ag Mol. Thairis sin, taispeánann an dealbh Mol ag caitheamh éadaí na seachtú haoise déag, nuair a bhí sé faiseanta ag na mná cuid mhór dá gcíocha a fhágáil ris.[4]
Cuireadh an dealbh cré-umha ag bun Shráid Grafton ar dtús sular aistríodh í go dtí a suíomh reatha ar Shráid Suffolk sa bhliain 2014.
Tháinig drochdhath ar chliabhrach na deilbhe cáiliúla tar éis blianta fada de chuimilt. Creideann turasóirí gur ádh mór é cliabhrach na deilbhe a chuimilt. Ní théann an cleachtas seo siar ach go dtí 2012 agus creidtear gur thosaigh treoraí turasóireachta é. Bhí sé seo ina chúis chonspóide, agus imní ann nach raibh daoine ag léiriú meas ar Mhol.
I mí Aibreáin 2025, fógraíodh go mbeadh maoir ar patról ag an dealbh ó thús mhí na Bealtaine. Mar chuid den chlár, sheas na maoir in aice leis an dealbh agus rinne siad idirghabháil má chuaigh aon duine chun an cliabhrach a chuimilt. Níor éirigh leis an gclár seo agus fuarthas amach tar éis imscrúdú go raibh an dealbh corrach.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, nochtadh dealbh athchóirithe don phobal.[2]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Moil nó Máire Ní Mhaoileoin. I mBéarla, Molly Malone
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Jenna Goulding (2025-10-17). "Dealbh Mhail Ní Mhaoileoin athchóirithe" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-22.
- ↑ dar le Dáithí Ó hÓgáin, clár faisnéis TG4, “Scéalta Átha Cliath” 2011. ‘Daily Mail, 29 D.F. 2011, http://daily-mail.vlex.co.uk/vid/molly-ballad-written-mock-irish-region-329274587 Curtha i gcartlann 2014-04-24 ar an Wayback Machine
- ↑ 4.0 4.1 Dar leis an fógráiocht don chlár TG4: “Tá a hainm ar bhéal gach turasóra agus is minic í luaite ag lucht tacaíochta na bhfoirne spóirt ón gcathair – ach an raibh a leithéid de dhuine riamh ann i ndáiríre?”