Mná san eolaíocht

Chuir mná go mór leis an eolaíocht ó bunaíodh í. Tá an staidéar stairiúil, criticiúil agus socheolaíochta ar an méid sin anois ina dhisciplín acadúil ann féin.
I roinnt sibhialtachtaí ársa an Iarthair, bhí mná i mbun leighis, agus bhí staidéar na fealsúnachta nádúrtha oscailte do mhná sa tSean-Ghréig. Chuir mná freisin le próta-eolaíocht na hailceimice sa chéad agus sa dara haois sa CR. Sa Mheánaois, bhí ról tábhachtach ag na clochair maidir le hoideachas na mban, agus thug cuid de na hinstitiúidí seo deis do mhná páirt a ghlacadh i dtaighde acadúil. Ach nuair a bunaíodh na chéad ollscoileanna sa 11ú haois, díbríodh mná den chuid is mó astu. [1] Lasmuigh den saol acadúil, ba í an luibheolaíocht an eolaíocht a bhain an leas is mó as ranníocaíochtaí na mban ag tús na nua-aois. Is cosúil go raibh dearcadh níos oscailte san Iodáil i leith staidéar an leighis ag mná ná áit ar bith eile. [1] Ba í Laura Bassi, san Iodáil sa 18ú haois, an chéad bhean ar a bhfuil a fhios againn a fuair ollúnacht i ndisciplín eolaíoch.
Cé go raibh róil inscne an-shainithe sa 18ú haois, rinne mná dul chun cinn suntasach san eolaíocht. Cé gur diúltaíodh oideachas eolaíoch foirmiúil do go leor mná go dtí an 19ú haois, tosaiodh ag ligean isteach i gcumainn oideachais ar leibhéal níos ísle iad. Tharla athrú mór san 20ú haois; mhéadaigh líon na mban a bhí ag staidéar in ollscoileanna go mór, agus tosaiodh ar phoistaíocht ar íocaíocht a thairiscint dóibh siúd a theastaigh uathu dul leis an eolaíocht. Ba í Marie Curie, an chéad bhean a bronnadh Duais Nobel na Fisice uirthi sa bhliain 1903, an chéad duine agus an t-aon duine go dtí seo a bhuaigh dhá dhuais i ndá dhisciplín eolaíochta, nuair a bhain sí an ceimic amach i 1911, an dá cheann as a cuid oibre ar an radaighníomhaíocht. Fuair 53 bean san iomlán Duais Nobel idir 1901 agus 2019. [2]
Seanré
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá fianaise ann go raibh baint ag mná le réimse an leighis i go leor sibhialtachtaí luatha. Luaigh Hóiméar Agamede mar lia sa tSean-Ghréig roimh Chogadh na Traí . Ba í Hagnódice an chéad lia baineann a d'oibrigh mar lia sa 4ú haois RCR san Aithin .
Bhí staidéar na fealsúnachta nádúrtha sa tSean-Ghréig oscailte do mhná. I measc na samplaí doiciméadaithe tá Aglaonice, a thuar éiclipsí; agus Théano, lia agus matamaiticeoir a bhí ina dalta agus ina bean chéile ag Píotágará, agus ina ball den scoil a bhunaigh an fealsamh i gCrotone, áit ar staidéar go leor ban eile. [3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Whaley (2003). "Women's History as Scientists: A Guide to the Debates" (in en). ABC-CLIO. ISBN 978-1-57607-230-1. Dáta rochtana: 27 de marzo de 2020.
- ↑ “Nobel Prize awarded women” (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 27 de marzo de 2020.
- ↑ “Time ordered list”. www.astr.ua.edu. Dáta rochtana: 7 de noviembre de 2018.