Is planda bláthannailbhliantúil é Mentha aquatica (Gaeilge: mismín dearg, mismín mionsach, cartlainn, mismín uisce agus miontas uisce) sa bhfine Lamiaceae. Fásann sé in áiteanna tais agus tá sé dúchasach don chuid is mó den Eoraip , iarthuaisceart na hAfraice agus iardheisceart na hÁise.
Fásann sé go dtí timpeall 90 cm ar airde, cé gur féidir leis 1.5 m a bhaint amach nuair a thacaíonn fásra níos airde leis, agus tá boladh sainiúil miontais aige. Tá na duilleoga ubhach go hubhach-lansach, glas (uaireanta corcra), 2 go 6 ceintiméadar ar fad agus 1 go 4 ceintiméadar leathan, fiaclach, agus éagsúil ó ghruaige go beagnach maol. Is minic a bhíonn na gais corcra. Bionn na bláthanna beag, dlúth, feadánacha, bándearg go liathchorcra i ndath. Bláthaíonn sé ó Iúil go Meán Fómhair. Tá sé pailnithe ag feithidí, cé gur féidir é a iomadú go héasca trí gearrthóga fréimhe, cosúil le speicis miontais eile.