Misean Acla



Bhunaigh an tUrramach Edward Nangle an Misean Protastúnach, Misean Acla,[1] in 1831 agus é ina chuspóir an daonra Caitliceach a iompú ina bProtastúnaigh.
Tógáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Nangle go hAcaill in 1831. Bhíothas tar éis coiste a bhunú i mBaile Átha Cliath chun misean a bhunú ann-.[2] Ar an long in éindí le Nangle bhí lasta min choirce le teacht i gcabhair orthu siúd a bhí ag fáil bháis den ocras. Cheannaigh an Misean 130 acra talún ar 90 punt. Thógadar feirm agus tosaíodh ar na foirgnimh eile.
Ní raibh aon scoil rialta ar an Oileán sula tháinig an misean ann. Osclaíodh scoil i Sliabh Mór in 1834. Bhí 43 dalta scoile ag freastal uirthi faoin Nollaig. Faoi 1835 bhí scoileanna i nDumha Goirt, Sliabh Mór, An Caiseal agus an Caol agus 420 dalta scoile ag freastal orthu.[3]
In 1848 thug an tOirmhinneach Plunkett, Easpag Thuama cuairt ar an misean, ar an dílleachtlann, agus ar na scoileanna- a raibh 2,000 dalta iontu faoin am sin.
In 1855 osclaíodh Séipéal San Tomás. Mar aon leis na hoibreacha, cuireadh tús le hóstáin agus cuireadh bonn faoin turasóireacht tráth a raibh an tír an-bhocht.
I measc na n-oibreacha éagsúla a bhí ar siúl ag an misean bhí foilsiú an Achill Missionary Herald, páipéar a cuireadh amach gach mí in éineacht le leabhair agus ábhar clóite eile. Ba i nGaeilge a bhí na leabhair urnaí agus an Bíobla. Tá an teach inar foilsíodh iad fós ann. Bhí clinic agus dochtúir ann mar chuid den mhisean freisin. Tógadh céibheanna ar mhaithe leis an iascaireacht.
Bhunaigh Nangle scoileanna eile ar an oileán freisin mar fhreagairt do Mhisean soiscéalach Eaglais na hÉireann. Bhí a scoil, a otharlann, a mhuileann agus a chlóphreas féin ag an misean a rinne an Achill Missionary Herald a tháirgeadh. [3]
Cur in aghaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’eascair coimhlint as seo le hArd-Easpag Thuama, John MacHale, a chuir go mór in aghaidh ghníomhaíochtaí iompaithe an Urramaigh Nangle. Thug sé cuairt oifigiúil ar Acaill in 1854 agus bhunaigh sé scoil agus mainistir Chaitliceach ag Bun an Churraigh, a bhí á riar ag Ord na bProinsiasach.[4]
Bunaíodh mainistir Chaitliceach, mainistir Bhuíon Mhuire, i mBun an Churraigh ar oileán Acla in 1852.[5]
Bhí scéal an Chanónaigh Nangle conspóideach agus ag brath ar cé a bhí ag insint an scéil. Ar ndóigh ba chun an Protastúnachas a scaipeadh a tháinig an Misean ann. Le drochmheas, tugadh ‘souperism’ ar an gcineál oibre a bhíodh ar siúl ag an misean. Ach rinneadh cuid mhaith oibreacha chun leasa an phobail.
Meath
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir a chéile tháinig meath ar an misean agus ar na hoibreacha éagsúla. Chuir an imirce isteach go damanta orthu sa dara leath den 19ú haois. Agus ansin le teacht na nAchtanna Talún, tháinig rialacha nua isteach maidir le cíos talún, baineadh cuid den talamh uathu de réir a chéileagus ba é Acht Talún 1909 a chuir ar chumas Bhord na gCeantar Cúng an chuid eile den talamh a thógáil ón Misean.
Dúnadh Misean Acla in 1886, 3 bliana i ndiaidh go bhfuair Nangle bás.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tadhg Ó Coinnialláin, scolaire
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Achill Mission Colony
- ↑ "…the first missionary settlement which had ever been established among the native Irish using the Irish language" dar le Nangle.
- 1 2 Mairéad Ní Nuadháin (8 Feabhra 2019). "Salann, ‘souperism’, stair agus an chéad mhisean ‘Gaeilge’ ar Oileán Acla" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-09-06.
- 1 2 "Reiligiún" (ga). MayoCoCo. Dáta rochtana: 2026-09-06.
- ↑ duchas.ie (1930idí). "Móin an Mhanaigh / Bun an Churraigh". Dáta rochtana: 2026.