Mionsc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Minsc)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMionsc
Мінск (be)
Менск (be) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAintiún Mhionsc (24 Deireadh Fómhair 2001) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósGleb Vseslavich (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 53°54′08″N 27°33′43″E / 53.902246°N 27.561837°E / 53.902246; 27.561837
Stát ceannasachan Bhealarúis Cuir in eagar ar Wikidata
Iamhchríoch laistigh deRéigiún Mhionsc Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,995,471 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,872.95 hab./km²
Teanga oifigiúilan Bhealarúisis
an Rúisis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla409.5 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceNyamiha River (en) Aistrigh, Svislach River (en) Aistrigh, Loshytsa, Sliepnia, Cna river (en) Aistrigh, Myška, Trascianka, Piarespa (en) Aistrigh agus Dražnia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde280 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Menesk Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinMinsk City Executive Committee (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachConseil municipal de Minsk (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Chairman of the Minsk City Executive Committee (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataUladzimir Kukharau (en) Aistrigh (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist220001–220141 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód817 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2BY-HM Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinminsk.gov.by Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Mionsc (Менск as Bealarúisis de réir cheartlitriú Branisłaŭ Taraškievič, Miensk an leagan Laidinithe den cheartlitriú seo; Мінск an leagan a úsáidtear i gceartlitriú na gCoimeasár Pobail, nó Narkomaŭka) príomhchathair na Bealarúise, agus an chathair is mó sa tír fosta. Tá Mionsc suite cois an dá abhainn úd Śvisłač agus Niamiha, i dtír-raon cnocach, agus í timpeallaithe ag coillte móra na Bealarúise. I Mionsc atá ceanncheathrú Chomhlathas na Stát Neamhspleách, a tháinig i gcomharbas ar an Aontas Sóivéadach. Ós í Mionsc an phríomhchathair, tá stádas ar leith aici ó thaobh an rialtais áitiúil de, agus í ina príomhchathair ar chúige (вобласьць/vobłaść) Mhionsc agus ar cheantar (раён/rajon) Mhionsc chomh maith. Sa bhliain 2008, bhí cónaí ar 1,830,000 duine i Mionsc.

Rinneadh an chéad trácht ar Mhionsc thiar sa bhliain 1067, agus í ina baile beag taobh istigh de theorainneacha Phrionsacht Połack. Sa bhliain 1242, shealbhaigh Ard-Diúcacht na Liotuáine an áit, agus bronnadh cairt cathrach ar Mhionsc sa bhliain 1499. Rinneadh príomhchathair a vóvadachta féin de Mhionsc sa bhliain 1569. Is éard a bhí i gceist leis an vóvadacht seo ná réigiún riaracháin de chuid Chomhlathas na Polainne agus na Liotuáine. Nuair a chuaigh an Dara Críochdheighilt ar an bPolainn sa bhliain 1793, ba í Impireacht na Rúise a shealbhaigh Mionsc. Sna blianta 1919-1991, ba í Mionsc príomhchathair na Bealarúise Sóivéadaí.


Bratach.

Iompar agus bonneagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iompar áitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá córas fairsing iompair phoiblí i Mionsc. Fóntar 8 líne trambhealach, níos mó ná 70 líne bus tralaí agus níos mó ná 100 líne bus do phaisinéirí. Ba é tramanna an chéad iompar poiblí a úsáideadh i Mionsc (tram capaill ó 1892, agus tram leictreach ó 1929). Úsáideadh busanna poiblí i Mionsc ó 1924 agus busanna tralaí ó 1952.

Is é Minsktrans, cuideachta iompair neamhbhrabúis atá cistithe ag an rialtas agus faoi úinéireacht an rialtais, a fheidhmíonn gach iompar poiblí. Ó mhí Eanáir 2008, úsáideadh 1420 bus, 1010 bus tralaí, agus 153 carráiste trambhealach ag Minsktrans i Mionsc.

Mearionad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Mionsc an t-aon chathair amháin sa Bhealarúis a bhfuil córas meitreo faoi thalamh aici. Thosaigh tógáil an mheitreo sa bhliain 1977, agus osclaíodh an chéad líne a raibh 8 stáisiún leis sa bhliain 1984. Ón am sin, tá an córas tar éis fairsingiú agus anois tá dhá líne ann: Moskovskaya agus Avtozavodskaya, atá 12.2 agus 18.1 km (7.6 míle agus 11.2 míle) ar fad agus a bhfuil 11 agus 14 stáisiún leo, faoi seach. Ar an 7 Mí na Samhna 2007, osclaíodh dhá stáisiún nua ar an Líne Moskovskaya. Tá obair ag leanúint ar aghaidh ar shíneadh de 5.2 km (3.2 míle), agus tá pleananna ann chun 3 stáisiún nua a oscailt sa bhliain 2011.

Tá pleananna ann, chomh maith, chun gréasán le trí líne a thógáil agus, de réir na bpleananna fairsingithe láithreacha, beidh an t-iarnród 58.3 km (36.2 míle) ar fad agus beidh 45 stáisiún leis. Chun é sin a chur i gcrích, ba cheart go ngearrfadh tríú líne an chathair ar ais idir Tuaisceart is Deisceart, arna thrasnú an dá líne atá ann cheana agus, mar sin, leagan amach tipiciúil chórais meitreo Shóivéadaigh a chruthú.

Ón mbliain 2007, bhí 25 stáisiún agus 33 km d’iarnród sa mheitreo i Mionsc. Úsáidtear 243 gnáthcharráiste meitreo Rúiseach ag na traenacha. Ar ghnáthlá, taistilíonn timpeall 800.000 paisinéirí ar mheitreo Mionsc. Sa bhliain 2007, thaistil 262,1 milliún paisinéirí ar mheitreo Mhionsc, agus mar sin, ba é an cúigiú meitreo ba gnóthaí san Iar-Aontas Sóivéadach. Le linn buaicuaireanta, ritheann traenacha gach 2–2,5 nóiméad. Tá 3.200 foireann fostaithe ag an ngréasán meitreo.

Faoi láthair, tá an chuid is mó den iompar uirbeach á athchóiriú agus á uasghradú toisc go mbeidh caighdeáin nua-aimseartha ann. Mar shampla, tá ardaitheoirí do phaisinéirí, a théann ó ardán an stáisiúin go dtí leibhéal na sráide, ag gach stáisiún meitreo a tógadh ón mbliain 2001, agus mar sin is féidir le paisinéirí faoi mhíchumas úsáid a bhaint as na stáisiúin sin.