Millbrook, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMillbrook, Victoria

Suíomh
Map
 37°36′13″S 144°02′53″E / 37.6036°S 144.0481°E / -37.6036; 144.0481
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán156 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3352 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceantar tuaithe in Victoria na hAstráile is ea Millbrook[1] agus é nócha ciliméadar soir ó thuaidh de Melbourne. Thugtaí "Moorabool" air ach athraíodh é toisc go raibh an t-ainm céanna ar cheantar in aice le Geelong. Roghnaíodh an t-ainm "Millbrook" toisc gur thóg Matthew Butterly muileann plúir ar bhruach abhainn an Moorabool Thiar[2]

Tá an seanbhóthar mór idir Melbourne agus Ballarat ag rith tríd, bóthar a thugadh na mianadóirí go dtí órcheantar Ballarat sna 1850í. Talamh droimneach atá ann, é measartha crannach fós agus an Moorabool Thiar, abhainn chaol, ag rith tríd. Is é an áit is airde sa cheantar an Cnoc Dubh (Black Hill). D'fhág na hÉireannaigh lorg ar leith ar an gceantar.

De réir dhaonáireamh na bliana 2011 bhí 359 duine ina gcónaí ann (seachas 550 sa bhliain 2006).[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An stair chéanna, mórán, atá ag Millbrook agus ag na ceantair máguaird, Ballan, Wallace agus Gordon. Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa taobh tíre sin nuair a cuireadh réimsí caorach ar bun sa limistéar sa bhliain 1838. Chuaigh mórán Bundúchasach ag obair ar na réimsí sin, ach rinne galracha nua, ól agus achrann dochar mór dóibh agus tháinig scaipeadh orthu sa dara leath den 19ú haois. Tá a gcuid déantúsán le fáil ann fós, ach níl aon duine dá sliocht ina chónaí sa cheantar anois.

Bhí fiadhúlra dúchasach flúirseach go leor ag an am ar fud an limistéir a mbaineann Millbrook leis, agus tá cuid de (ar nós kóálanna, pasam agus paraicítí) le fáil ann fós. Ar theacht na nEorpach d'imigh cuid eile in éag de dheasca seilge agus scrios gnáthóige. Orthu sin bhí cangurúnna, lucha léimneacha, diongónna, bandacúit, cait dhúchasacha, crotacha, colúir agus a lán pearóidí.[4]

Fuair a lán feirmeoirí beaga (roghnóirí talún no selectors) gabháltais sa cheantar de bharr Acht Talún Duffy in 1862, reachtaíocht a lig dóibh talamh Corónach a cheannach ar £1 an t-acra.[5] Tá ithir mhéith bholcánach ar fud an cheantair agus í an-oiriúnach do phrátaí agus d'arbhar.

Na hÉireannaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lonnaigh a lán Éireannach sa cheantar de bharr Acht Talún Duffy agus sna ceantair máguaird. B’as Contae an Chláir do chuid acu agus as deisceart Thiobraid Árann do chuid eile, agus ní dóichí rud ná go raibh Gaeilge go leor acu.[6][7] Ar na daoine úd bhí Muintir Riain, Muintir Shúilleabháin, Muintir Mhig Uiginn agus teaghlaigh eile.

Bhí baint ag an nGaeilge le stair an cheantair fiú sa fichiú haois maidir le caomhnú leabhar agus saothrú liteartha.[8][9]

Iarnród[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seaniarnród Ballarat ag rith tríd an gceantar, cé gur dúnadh an stáisiún áitiúil agus ceithre cinn is tríocha eile ar 4 Deireadh Fómhair 1981 mar chuid d'amchlár nua do phaisinéirí tuaithe.[10][11] Bhaintí feidhm mhór as an seantaobhlach maidir le barraí agus beithígh. Tógadh iarnród nua idir Melbourne agus Ballarat a raibh cuid de ag rith trí Millbrook, agus thosaigh seirbhís mhórluais ar 22 Nollaig 2005.[12]

Oifig an phoist[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athraíodh ainm na hoifige poist ó Moorabool Creek PO go Millbrook PO ar 1 Lúnasa 1879, agus dúnadh an oifig ar 31 Iúil 1985.[13] Níor bunaíodh sráidbhaile riamh in Millbrook mar a tharla in áiteanna eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gaeilge: Sruth an Mhuilinn
  2. http://services.land.vic.gov.au/vicnames/historicalInformation.html?method=edit&id=6192 Curtha i gcartlann 2013-09-06 at Archive.today Léite ar an 6 Meán Fómhair 2013
  3. http://www.censusdata.abs.gov.au/census_services/getproduct/census/2011/quickstat/SSC20895?opendocument&navpos=220 Curtha i gcartlann 2015-09-24 ar an Wayback Machine Léite ar an 6 Meán Fómhair 2013
  4. "History of Greendale". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-08-28. Dáta rochtana: 2011-09-16.
  5. Year Book Australia 1911, Section 2 (Victoria) [1].
  6. Céatadán na gcainteoirí dúchais de réir barúntachtaí i gContae an Chláir 1841-51 - Bun Raite Íochtarach 26%, Bun Raite Uachtarach 66%, An Bhoireann 92%, Cluain idir Dhá Lá 83%, Corca Mrua 92%, Uí Bhreacáin 91%, Inse Uí Chuinn 92%, Na hOileáin 55%, Maigh Fhearta 79%, An Tulaigh Íochtarach 7%, An Tulaigh Uachtarach 39%. Céatadán na gcainteoirí dúchais de réir barúntachtaí i ndeisceart Thiobraid Árann 1851-61 - Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thoir 19%, Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thiar 60%. Fitzgerald 1984, lch 132.
  7. Chuirtí muintir Millbrook i reiligí Gordon: http://www.australiancemeteries.com/vic/moorabool/gordon.htm Gordon cemetery.
  8. In Millbrook a tógadh Colin Ryan, údar Gaeilge a bhfuil a shaothar foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus ag Coiscéim in Éirinn.
  9. Ryan, Colin (19 Meán Fómhair 2011). "Athdhúchas". An Lúibín (156). 
  10. Scott Martin & Chris Banger, '"New Deal" for Country Passengers - 25 years on,' Newsrail, Australian Railway Historical Society (Victorian Division), October, 2006, lch 319.
  11. http://www.victorianrailways.net/vr%20map/vrmap.pdf Léarscáil de bhóithre iarainn agus de stáisiúin Victoria.
  12. http://wongm.fotopic.net/c802268.html%7Ctitle=V/line[nasc briste go buan] - First Day of VLocity Revenue Operation (Ballarat).
  13. https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocd.w? Postal List: Millbrook.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Billis, R. V. & Kenyon, A.S.: Pastoral Pioneers of Port Phillip. Melbourne: McMillan 1932.
  • Clark, Ian D. (ed.): The journals of George Augustus Robinson, chief protector, Port Phillip Aboriginal Protectorate. Melbourne : Heritage Matters, 1998-2000.
  • Fitzgerald, Garrett, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy 1984.
  • Toohey, Jack: On the Eastern Fringe: Recollections and Stories on the Settlement and Farming Histories in the Bungaree, Wallace, Bolwarrah and Gordon Districts. Ballarat 2005.

ÁÁ