Jump to content

Mike Mac Domhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMike Mac Domhnaill
Beathaisnéis
BreithCluain Cath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata


Facebook: Mike-Mac-Domhnaill-100008884301660 Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaí agus scríbhneoir Béarla agus Gaeilge é Mike Mac Domhnaill. Rugadh é i gCluain Cath in iarthar Luimnigh ach d’aistrigh a mhuintir go dtí an Caisleán Nua Thiar nuair a bhásaigh a athair. Foilsíodh a shaothair i Nua Aois, An Cloigeann is a Luach (díolaim), The Stony Thursday Book, Microphone On, Dal gCais, Weekly Observer, Feasta, Comhar, , I Live in Michael Hartnett (díolaim).[1]

Bhuaigh sé Comórtas Gearrscéalaíochta Francis MacManus RTÉ sa bhliain 2013 agus bhain clú amach leis an mbailiúchán Sifting: Uncle Ned & Other Stories (Liberties Press, 2015). Thug leithéid Donal Ryan, Joseph O’Connor agus Kelly Creighton ard-mholadh dó.

Leabhair eile leis ná Mac Baintrí – Widow’s Son (Cluain Cath Press, 2009), Macalla “Maidu” (Coiscéim, 2013), Sifting: Uncle Ned and Other Stories (Liberties Press 2015), Forgiving Moon (Revival Press 2020), Mise Fear Pluaise (Coiscéim 2022), Weeds United (Revival Press 2024)

Is é Agus Anois – Beagáinín Ciúnais an chéad chnuasach scríbhinní i nGaeilge leis an Domhnallach.[2] Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh sa bhliain 2024. D’éirigh sé tuirseach den ghearrscéal per se agus thosaigh ar na scríbhinní atá sa leabhar seo. Prós trialach atá i gceist ann. Taitníonn an lipéad “file engagé” leis, ainm a bhaist an foilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh air.

Tá cáil bainte amach aige as a chuid gearrscéalta Béarla ach is mar fhile is fearr aithne air i nGaeilge. Scríbhneoir é nach gcreideann sa scoilt dhénártha idir an dá theanga oifigiúla.

Foilsíodh saothar éagsúil leis ar Comhar, dánta go háirithe.[3]

  1. "Agus Anois – Beagáinín Ciúnais" (en-GB). Publishing Ireland. Dáta rochtana: 2024-11-29.
  2. "GAILEARAÍ: Leabhar nua le Mike Mac Domhnaill seolta ag Éigse Michael Hartnett sa gCaisleán Nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-08). Dáta rochtana: 2024-11-29.
  3. 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "Mike Mac Domhnaill" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2024-11-29.