Micreascóp réimse-ianaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticMicreascóp réimse-ianaíoch
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agErwin Wilhelm Müller
Fionnachtain1951 Cuir in eagar ar Wikidata

Sa ghléas seo coinnítear leictreoid miotail i bhfoirm rinne géire ag ardphoitéinseal leictreach dearfach i leith an scáileáin. Cruthaítear iain gáis ó na hadaimh gáis gar don rinn mar thoradh ar an réimse leictreach an-dian ansin (saghas astú réimse) agus treoraítear na hiain sin ar an scáileán chun íomhá struchtúr miotal na rinne a dhéanamh. Is féidir formhéadú × 1.5 × 106 a bhaint amach leis an ngléas seo chun gur féidir adaimh ar leith a thaifeach. Áisiúil chun staidéar a dhéanamh ar asú ar dhromchlaí agus imoibrithe dromchlacha i gcatalú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Micreascóp réimse-ianaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 455.