Mick Moloney
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Michael Moloney 15 Samhain 1944 Luimneach, Éire |
Bás | 27 Iúil 2022 77 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Pennsylvania |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir |
Tréimhse oibre | 1964 – 2022 |
Seánra | Ceol tíre |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Ceol gutha, bainseó, maindilín, Octave mandolin (en) agus giotár |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | mickmoloney.com |
Scoláire agus bailitheoir ceoil, eitnicheoleolaí, ceoltóir, agus Luimníoch ba ea Mick Moloney (15 Samhain 1947 - 27 Iúil 2022),[1][2][3]
Cé gur i Luimneach a rugadh é i 1944, ba i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chaith sé bunús a shaoil ó 1973, áit ar bhain sé cáil amach mar cheoltóir gairmiúil, saineolaí ceoil, béaloideasóir agus múinteoir. Bhí clú agus meas air chomh maith mar gheall ar an stór mór amhrán a bhí bailithe aige a chuireann síos ar stair agus ar chultúr na nÉireannach i Meiriceá.[4][5]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]An bainseó a bhí ar a ghlúin ag Mick agus gan é ach sé bliana déag d’aois i Luimneach.[6]
Ina óige in Éirinn, sheinn sé leis an Emmet Folk Group agus chaith sé 5 bliana leis The Johnstons.
Na Stáit Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh céim dochtúireachta sa cheol a bhaint amach in Ollscoil Pennsylvania, tháinig sé faoi anáil cheol na ndaoine i Meiriceá. Chaith sé sealanna ag múineadh an cheoil in Ollscoileanna Georgetown, Villanova agus sa New York University. Bhí ardmheas air sa domhan eitnicheoleolaíochta i Meiriceá - an t-ábhar a theagasc sé do na sluaite de lucht ollscoile.[6]
Bhunaigh Molney an grúpa, Green Fields of America.. Bhí féile ar siúl i West Virginia a bhí eagraithe ag Mick Moloney, an Augusta Heritage Festival.[7][8]
Léirigh sé agus thiomsaigh sé seancheol agus nuacheol le ceoltóirí móra Mheiriceá - cuid acu a chuaigh ar imirce as Éirinn agus chuir sé a stair siúd in eagar. Bhí sé ina chomhairleoir ag féilte agus imeachtaí móra ceoil agus bhí baint aige le bunú grúpaí mar 'Cherish the Ladies'.[6]
Phós Moloney trí uair sna Stáit Aontaithe, Miriam Murphy, Philomena Murray agus Judy Sherman. Bhí mac amháin aige le Philomena Murray.
An Téalainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Moloney chuig an Téalainn don chéad uair sna 1990idí.[9][10] Cheannaigh sé arasán i mBangkok, agus mhair sé ann le Sangjan Chailungka. Ceapadh é ina léachtóir in eolaíocht pholaitiúil san ollscoil ann. Bhunaigh sé ceolfhoireann do pháistí sa Mercy Center in Khlong Toei, agus an sagart Joseph H. Maier i mbun.
Bás agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éag Moloney ar 27 Iúil 2022, i nGreenwich Village, in aois 77 dó.
Bronnadh an iliomad gradam air i Meiriceá agus in Éirinn. Sa bhliain 2014, bronnadh Gradam Comaoine TG4 ar Mick Moloney,
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mick Moloney mourned by Irish at home and abroad" (en). IrishCentral.com (2022-08-04). Dáta rochtana: 2022-10-29.
- ↑ "Mick Moloney obituary: Accomplished musician and folk music academic who had a huge influence in preserving and enhancing traditional music" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-10-29.
- ↑ "Bás an cheoltóra Mick Maloney" (as ga) (2022-07-28).
- ↑ Mick Moloney (2015). "Black Irish Identities Sloan and Moloney" (as en).
- ↑ "Léargas beag úr ar an chaidreamh idir Éireannaigh agus daoine dubha" (en). The Irish News (2020-12-16). Dáta rochtana: 2022-10-29.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 Nuacht RTÉ (2022-07-28). "Bás an cheoltóra Mick Maloney" (as ga-IE).
- ↑ NÓS. "60 soicind le… Louise Mulcahy" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-10-29.
- ↑ Smithsonian Magazine. "How One Impromptu Jam Session Spawned a Sweeping Irish-American Music Revival" (en). Smithsonian Magazine. Dáta rochtana: 2022-10-30.
- ↑ "IAC Commissions: "Bangkok Lockdown" & "Erin's Green Shore" by Mick Moloney" (as en) .
- ↑ "'Banjo To Bangkok': Mick Moloney's Asian Odyssey" (as en) .