Michael Cera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Micheal Cera)
Infotaula de personaMichael Cera

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-ca) Michael Austin Cera
7 Meitheamh 1988
35 bliana d'aois
Brampton (Ceanada)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síHeart Lake Secondary School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheTorontó
Brooklyn
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir saincharachtair, aisteoir scannáin, aisteoir gutha, ceoltóir, scríbhneoir scripte, léiritheoir scannáin, stiúrthóir scannán, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1999 –
SeánraLo-fi music (en) Aistrigh agus ceol tíre indie
TeangachaBéarla Cheanada
UirlisDordghiotár agus ceol gutha
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0148418 Allocine: 104803 Rottentomatoes: celebrity/michael_cera Allmovie: p334354 TCM: 801194 Metacritic: person/michael-cera TV.com: people/michael-cera IBDB: 496962
Youtube: UCkFKjLkuAtJA0wiWpNhfEUQ Musicbrainz: 8c89b52a-89f1-48cf-9246-fac3591c932c Songkick: 7451339 Discogs: 1038615 Allmusic: mn0000949660 Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir Ceanadach é Michael Cera, a rugadh ar an 7 Meitheamh, 1988. Bhí cúpla mion-pháirteanna aige i scannáin, sraitheanna teilifíse agus fógraí teilifíse sular rinne sé páirt George-Michael Bluth sa dráma grinn suímh Arrested Development. Mhair Arrested Development trí séasúr sular cuireadh ar ceal é air. Rinne Cera páirt mic an phríomhcharachtair atá i ngrá lena chol ceathrar.

Anuas ar sin, tá Cera i mbéal an phobail mar gheall ar na páirteanna a bhí aige sna scannáin Juno, Superbad, Nick and Norah's Infinite Playlist agus Year One. Tá an t-iomrá ann go mbeidh sé sa leagan scannáin de Arrested Development.

Foilsíodh Pincone, gearrscéalta a scríobh Cera, san irisleabhar liteartha McSweeney's Quarterly sa samhradh 2009.

Saol go Luath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Cera ar 7 Meitheamh, 1988, i Brampton, Ontario. Is mac é le Linda (née Cockman) agus le Luigi Cera, teicneoir. D'oibrigh a beirt thuismitheoir do Xerox. Tá deirfiúr níos sine aige, Jordan, agus deirfiúr níos óige, Molly. Chuir sé suim san aisteoireacht tar éis dó breathnú ar Ghostbusters arís agus arís eile agus é tinn le deilgneach ag trí bliana d'aois. Bhí an t-idirphlé ar fad ar eolas ag Cera de ghlanmheabhair agus tá meas an domahin air do Bill Murray.

D’fhreastail Cera ar Scoil Phoiblí Conestoga, ar Scoil Phoiblí Shinsearach Robert H. Lagerquist, agus ar Mheánscoil Heart Lake go dtí grád a naoi. Tar éis dó tosú ag aisteoireacht, chríochnaigh sé an scoil ar líne i ghrád 12.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]