Jump to content

Michael Cahill (polaiteoir as Contae Chiarraí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichael Cahill

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1966
59/60 bliana d'aois
Teachta Dála
29 Samhain 2024 
Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil

Toghcheantar: Ciarraí

Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir de chuid Fhianna Fáil é Michael Cahill (a rugadh sa bhliain 1966).

Bhí Cahill ina chomhairleoir contae do Chiarraí go dtí 2024.

Toghadh é mar Theachta Dála don chéad uair in Olltoghchán 2024. Toghadh beirt ó Fhianna Fáil, Norma Foley agus Cahill, ar an 13ú comhaireamh. Bhain Foley an cuóta amach agus chríochnaigh Cahill, thart ar 750 vóta chun tosaigh ar Billy O’Shea (Fine Gael) chun an suíochán deireanach a fháil. Ní raibh Teachta ar bith ó Chiarraí ag Fine Gael.[1]

Rugadh air ag tiomáint le ró-luas de 190 ciliméadar san uair ar mhótarbhealach an M8 i gContae Chorcaí i mí na Márta 2025.

I mí Eanáir 2026, baineadh cead tiomána de Cahill ar feadh 2 bhliain ó ciontaíodh é i dtiomáint chontúirteach a bheith ar bun aige in 2025. Dúirt sé go raibh náire air agus nár chóir dó gach a ndearna sé a dhéanamh. Sheas sé i leataobh ó Choiste Dlí an Oireachtais.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Donncha Ó hÉallaithe (25 Samhain 2024). "Danny Healy-Rae i mbaol agus seans ag FF ar an dara suíochán i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.
  2. Nuacht RTÉ (2026-01-17). "An Teachta Michael Cahill le seasamh i leataobh ón gCoiste Dlí" (as ga-IE).