Meitreo Bhaile Átha Cliath
| Meitreo Bhaile Átha Cliath | |||
|---|---|---|---|
| Sonraí | |||
| Cineál | Meariompar agus proposed entity (en) | ||
| Dáta na hoscailte oifigiúla | 2027 | ||
| Tréith | |||
| Staid úsáide | struchtúr atá beartaithe | ||
| Suíomh geografach | |||
| Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | ||
| Suíomh gréasáin oifigiúil | metrolink.ie | ||


Seirbhís iarnróid uirbigh thuaidh-theas í MetroLink Átha Cliath, an tionscadal infheistíochta iompair phoiblí is mó riamh i stair an Stáit.[1] Rithfear an meitreo idir Sord agus lár na cathrach córas a cheanglóidh príomhchinn sprice, lena n-áirítear Aerfort Bhaile Átha Cliath,[2] b'fhéidir.
Stair an tionscadail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí tionscadal meitreo a cheanglódh Sord agus Lár Bhaile Átha Cliath á mholadh agus á phlé leis na blianta.[2]
- Moladh gur theastaigh córas Meitreo do Bhaile Átha Cliath den chéad uair sa straitéis Clár Oibre le haghaidh Athrú a foilsíodh sa bhliain 2000 agus a bhí le bheith i bhfeidhm faoi 2010.
- Rinneadh togra mionsonraithe a fhorbairt do scéim ag dul ó Fhaiche Stiabhna go Sord agus cheadaigh an Bord Pleanála an scéim seo i 2010. Tugadh cead pleanála do líne an Mheitreo Thuaidh i 2011.[3] De bharr an chúlú eacnamaíochta suntasach a tharla in Éirinn sna 2000idí, bheartaigh an Rialtas an tionscadal a chur siar.
- D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair tionscadal nua an Mheitreo Thuaidh i mí Mheán Fómhair 2015. D'fhoilsigh an tÚdarás Tuarascáil Staidéir ar Fhine Ghall/Baile Átha Cliath Thuaidh, a rinneadh measúnú ar bhuanna meitreo mar réiteach i gcomparáid le réitigh mhalartacha eile a bhí aitheanta. Thángthas ar an tuairim gurbh é meitreo an réiteach is oiriúnaí chun riachtanais iompar poiblí don chonair Sord – Aerfort – Lár a chomhlíonadh. Ina dhiaidh sin, thug an moladh sin eolas don Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2016-2035, straitéis ina raibh an cuspóir leis an Líne Ghlas a uasghrádú chuig caighdeán meitreo chomh maith. Cuireadh an dá thionscadal seo le chéile mar MetroLink ina dhiaidh sin. Leagadh síos an bhliain 2027 mar dháta deiridh pleanáilte.[2]
- Tionscadail iompair ba ea é a bhí sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 agus i Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2016-2035 de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI).[4]
Pleananna
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'fhéidir go ngabhfaidh MetroLink trí thollán faoi Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ón taobh ó thuaidh de Bhaile Munna go dtí lár na cathrach. Beidh cuid mhaith den bhealach faoi thalamh, lena n-áirítear san áit a rachaidh sé faoi cheantar tábhachtach an láir agus Aerfort Bhaile Átha Cliath. Críochnóidh an chuid faoi thalamh i ndeisceart na cathrach, áit a gceanglóidh an meitreo leis an Luas agus a rithfidh sé ar aghaidh ó dheas ar Líne Ghlas an Luas atá ann cheana. [2]
Freastalóidh MetroLink ar líon mór ceann scríbe suntasach eile, lena n-áirítear Baile Munna, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ospidéal an Mater. Idirmhalartóidh MetroLink le seirbhísí iarnróid agus bus eile cóngarach do Gharraithe na Lus, Sráid Uí Chonaill, Sráid na Teamhrach agus Faiche Stiabhna.
Déanfar Líne Ghlas an Luas a uasghrádú go dtí caighdeán meitreo mar chuid den tionscadal,[2] b'fhéidir. Beidh 25/26 stáisiún san iomlán ann (lena n-áirítear 15 stáisiún nua), 3,000 spás Páirceála agus Taistil sa bhreis, agus turas thart ar 50 nóiméad ó Sord go hÁth an Ghainimh.
Leagfaí an linn snámha Markievicz agus go leor eile chun bealach a dhéanamh don tionscal. Ach tá go leor go daingean ina choinne.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Bonneagar Iompair Éireann an “Ghníomhaireacht Urraíochta” do MetroLink Átha Cliath. Is í an Ghníomhaireacht Urraíochta an príomhchomhlacht atá freagrach as an tionscadal a ullmhú, a bhainistiú agus a sheachadadh.
Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair an tÚdarás Formheasa “ó lá go lá” do MetroLink.[5]
Buntáistí agus costas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Freastalóidh an tionscadal MetroLink ar fhás an daonra atá ann agus atáthar á thuar taobh leis an gconair ó Shord/Aerfort Bhaile Átha Cliath go Lár na Cathrach. De réir Daonáireamh 2016, ba é Fine Gall an réigiún is mó fás in Éirinn; tháinig méadú 8% ar an daonra, i ndiaidh méadú 14% sa tréimhse idir an dá dhaonáireamh roimhe sin.[2]
Ní a fhios fós (in 2025) cén costas deiridh a bheas ar an iarnród faoi thalamh. Mheas an Roinn, in Aibreán 2023, gurb é €9.5 billiún an costas ba dhóchúla a bheadh ar thógáil an chórais Metrolink, agus chuimsigh an réimse costas caipitil inchreidte costais a bhí idir €7.16 billiún agus €12.25 billiún, cé go bhfágfadh roinnt meastachán ar an tionscadal an costas chomh hard le €21.5 billiún.
Chomh maith leis na buntáistí d’úsáideoirí iompair phoiblí, d’úsáideoirí bóthair, don gheilleagar agus don chomhshaol, meastar gurb é 1.4 an cóimheas costais agus tairbhe is dóchúla atá ag Metrolink, agus gurb é 1.1 go 2 an raon féideartha.
Is beag is eol dúinn cad a chosnaíonn Metrolink anois. Tá costais arda ina mbac ar an infheistiú agus tá an cead pleanála casta in Éirinn. Tá an tionscadal á bhreithniú ag an gCoimisiún Pleanála ó 2022.

Níl ann ach grúpa beag gairmithe ar fud na cruinne a bhfuil an saineolas acu MetroLink a sheachadadh. Ceapadh fear as an Nua-Shéalainn, Sean Sweeney, mar stiúrthóir tionscadail in 2024, agus buntuarastal EUR 550,000 p.a.[6] aige.[1][7] Is saineolaí é Sweeney ar sholáthar agus ar sheachadadh oibreacha móra caipitil agus tollánaithe. Tá dea-theist air le tríocha bliain anuas i róil cheannaireachta ar mhórthionscadail bhonneagair san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus sna Stáit Aontaithe. Sna 2020idí bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar City Rail Link, nasc claochlaitheach iarnróid faoi thalamh i lár chathair Auckland, agus an tionscadal bonneagair iompair is mó riamh sa Nua-Shéalainn.
Dúirt an Suibhneach go bhféadfaí tús a chur leis an obair thógála in 2027 dá dtabharfaí cead pleanála don mheitreo in 2025. Thug sé le fios i mí Iúil 2025 neart réamhoibre fós le déanamh agus "go gcaithfimid cur ina luí ar chomhlachtaí tógála idirnáisiúnta go bhfuilimid dáiríre faoin togra".[8]
Scannal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caitheadh thart ar €300 milliún ar Metrolink, agus ar thionscadail an Mheitreo Thuaidh agus an Mheitreo Thiar, suas go dtí deireadh mhí an Mhárta 2023. In ainneoin na hinfheistíochta suntasaí seo, níor tosaíodh fós ar an tógáil fhisiciúil ar chóras meitreo do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Nua-Shéalannach ainmnithe mar Stiúrthóir Tionscadail ar MetroLink tar éis Cuardach Domhanda" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 nationaltransport.ie (2018). "An Dreachtphlean Comhtháite Forfheidhmithe 2019-2024". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ Tithe an Oireachtais (2023-07-04). "Tugann an Coiste um Chuntais Phoiblí (CCP) rabhadh go gcaithfear a chinntiú nach mbeidh costas thionscadal beartaithe Metrolink Bhaile Átha Cliath níos mó ná €9.5bn – 4 Iúil 2023, 12:00 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ "An tÚdarás Náisiúnta Iompair" (ga-IE). National Transport (2025-06-10). Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ "Nua-Shéalannach ainmnithe mar Stiúrthóir Tionscadail ar MetroLink tar éis Cuardach Domhanda" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ Tá sé seo faoi bhun an mheánráta coibhéiseach don leibhéal saineolais seo ar fud an domhain. is cosúil
- ↑ David MacRedmond (2025-05-23). "'I had death threats': MetroLink boss foresees pushback but also huge benefits in store" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-22). "Meitreo Bhaile Átha Cliath níos costasaí ná mar a measadh" (as ga-IE).