Mercè Rodoreda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMercè Rodoreda

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ca) Mercè Rodoreda i Gurguí
10 Deireadh Fómhair 1908
Barcelona, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Aibreán 1983
74 bliana d'aois
Xerona, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse an ae)
Áit adhlacthaCementiri de Romanyà de la Selva Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLiceu Dalmau (1931–1934)
Escola Menéndez Pelayo (1915–1916) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBarcelona
Roissy-en-Brie
Limoges
Bordeaux
Páras
An Ghinéiv
Romanyà de la Selva (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Chatalóinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht
Gairmscríbhneoir, file, úrscéalaí, Easparantóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1930 –
FostóirRevista de Catalunya (1947–)
Comissariat de Propaganda (1937–1939)
La Publicitat (1935–1939)
Institució de les Lletres Catalanes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraÚrscéal, filíocht agus gearrscéal
Faoi thionchar
TeangachaAn Chatalóinis, an Spáinnis agus Esperanto
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileJoan Gurguí (1928–1937) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíArmand Obiols (1939–1971) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJordi Gurguí i Rodoreda
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAndreu Rodoreda i Sallent  agus Montserrat Gurguí i Guàrdia
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinmercerodoreda.cat Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1288393 Find a Grave: 7558064 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Catalónach a rugadh in Barcelona ab ea Mercè Rodoreda I Gurguí (10 Deireadh Fómhair 1908 - 13 Aibreán 1983). Is í a húrscéal is cáiliúla ná La plaça del diamant (Cearnóg an diamaint), úrscéal a aistríodh go níos mó ná tríocha teanga.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní dheachaigh Mercè Rodoreda ar scoil ach ar feadh sé bliana [1], scoil inar úsáideadh an Spáinnis mar mheán teagaisc, agus d’fhoghlaim sí scríobh na Catalóinise mar dhuine fásta. Nuair a bhí sí fiche bliain d’aois, phós sí a huncail, agus bhi mac amháin acu. Bhí sí ag obair mar iriseoir, agus d’fhoilsigh sí cúig úrscéal le linn na dtríochaidí. Nuair a chríochnaigh Cogadh Cathartha na Spáinne, chuaigh sí ar deoraíocht go dtí an Fhrainc, agus mhair sí tríd an Dara Cogadh Domhanda ann.

Tar éis fiche bliana de thost, d’fhoilsigh sí cnuasaigh gearrscéalta Vint-i-dos contes (Dhá scéal is fiche) i 1958, agus i 1962 d’fhoilsigh sí La plaça del diamant (Cearnóg an diamaint), a thuill cáil ar leith. Scéal atá ann faoi bhean óg ón lucht oibre a phósann fear corrmhéineach agus a thagann slán as an gcogadh agus as an gcruatan ina dhiaidh sin. Aistríodh an leabhar seo go Béarla den chéad uair i 1967 le hÉireannach darb ainm Eda O'Shiel.

D’fhill sí go dtí ar an gCatalóin sa bhliain 1972. Faoin am sin, ba scríbhneoir aitheanta í. Fuair sí bás ón ailse i 1983. Tri bliana níos déanaí foilsíodh a dhiostóipe La mort i la primavera (An bás agus an t-earrach).

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc shaothair Mercè Rodoreda tá:

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • La plaça del diamant (Cearnóg an diamaint) (1962)
  • El carrer de les Camèlies (Sráid na caiméilia) (1966)
  • Jardí vora el mar (Gairdín cois farraige) (1967)
  • Aloma (1968)
  • Mirall Trencat (Scáthán briste) (1974)
  • Quanta, quanta guerra (An oiread sin cogaidh) (1980)
  • La mort i la primavera (An bás agus an t-earrach ) (1986) (tar éis bháis)

Cnuasaigh gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Vint-i-dos contes (Dhá scéal is fiche) (1958)
  • La meva Cristina i altres contes (Mo Christina agus scéalta eile) (1967)
  • Semblava de seda i altres contes (Bhí sé cósuil le síoda agus scéalta eile) (1979)
  • Viatges i flors (Turais agus bláthanna) (1980)

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Arnau, Carme; El Paradís perdut de Mercè Rodoreda, 2015, Edicions 62; l. 202