Meon Eile
| URL | https://www.meoneile.ie/ |
|---|---|
| Cineál | suíomh gréasáin |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Cur i seirbhís | 2012 |
| Tír | Éire agus Tuaisceart Éireann |
Is ardán ar líne é Meon Eile a dhéanann físeáin agus ailt scríofa faoin saol i gCúige Uladh agus níos faide i gcéin.[1] Soláthraíonn sé scéalta ar chúrsaí reatha ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Chomh maith leis seo, tuairiscítear go laethúil ar chúrsaí gnó, ealaíon, stíl mhaireachtála agus spóirt.
Tá an suíomh ar an fhód ó bhí 2012 ann agus dar le Ceara Ní Choinn, léiritheoir an tsuímh,
"Tá lucht leanúna dílis ag Meon Eile ó tháinig ann dó agus is amhlaidh atá an tóir air ag méadú de shíor. Go deimhin, is é rogha na n-ardán ar líne ag pobal na Gaeilge anois é, go háirithe ag muintir an Tuaiscirt."
Tá Meon Eile neamhspleách ó thaobh cúrsaí bainistíochta agus eagarthóireachta de.[2] Is léiriúchán de chuid 'Below the Radar' é atá á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Seo a leanas foireann 'Meon Eile': Ceara Ní Choinn (Léiritheoir), Tomaí Ó Conghaile (Profléitheoir), Seán Ó Baoill (Físiriseoir Sinsearach), Caoimhe Ní Chathail (Físiriseoir), Ruairí Mac Donnacha (Físiriseoir).[cathain?]
Dar le Máire Bhreathnach, Ceannasaí Gaeilge 'Below the Radar; "Sa lá atá inniu ann, is ar a ngutháin chliste a thagann daoine ar an nuacht agus ar ábhar físe agus tá Meon Eile ábalta freastal orthu siúd a fhaigheann scéalta nuachta sa siúl."
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh idirlíne: meoneile.ie
- Scáileán Thuaisceart Éireann
- Below the Radar [nóta 1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Fúinn". Meon Eile. Dáta rochtana: 2025-07-15.[nasc briste go buan]
- ↑ Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 2.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-05. Dáta rochtana: 2019-04-29.
| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |