Jump to content

Melsonby

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMelsonby

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 28′ 15″ N, 1° 41′ 42″ O / 54.4708°N,1.6951°W / 54.4708; -1.6951
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheSasana
Réigiún ShasanaOirthuaisceart Shasana
Contae searmanais ShasanaYorkshire Thuaidh
Limistéar comhairle contaeYorkshire Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán705 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistDL10 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód01325 Cuir in eagar ar Wikidata

Is sráidbhaile agus paróiste sibhialta in iar-cheantar Richmondshire i Yorkshire Thuaidh, Sasana é Melsonby. Tá sé suite 2 km siar ón mótarbhealach an A1(M) agus 2 km ó thuaidh ón A66.[1]

Is í an dara eilimint san ainm Melsonby an iarmhír Sean-Lochlannach -by,[2] a chiallaíonn "feirm nó lonnaíocht". Is dócha gurb é an chéad eilimint ná an t-ainm pearsanta Sean-Ghaeilge Maelsuitan[2] a thugann le fios go raibh lonnaíocht Lochlannach-Ghaelach sa cheantar.[2]

Bhí an sráidbhaile suite laistigh de thoghcheantar parlaiminte Richmond (Yorks), a bhfuil an Coimeádach Rishi Sunak,[3] ina ionadaí air ó 2015 i leith agus é tar éis teacht i gcomharbacht ar an gCoimeádach William Hague. Tá sé laistigh de thoghcheantar Richmond agus Northallerton anois.

Tá toghbharda den ainm céanna ann. Síneann an barda seo ó thuaidh go Manfield agus bhí 1,406 duine ina gcónaí ann de réir an Daonáireamh sa bhliain 2011.

Taisce Melsonby

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuarthas taisce comhdhéanta de na céadta earraí ón Iarannaois sa bhliain 2021, curtha i bhfolach i bpáirc in aice leis an sráidbhaile ag an mbailitheoir miotail Peter Heads. Rinne Ollscoil Durham tochailt ar an suíomh sa bhliain 2022 le tacaíocht ó Mhúsaem na Breataine agus Historic England. Fógraíodh go poiblí faoin bhfionnachtain i Márta 2025 agus cuireadh cuid de na réada ar taispeáint ag Músaem Yorkshire in Eabhrac.

Tá iarmhairí coirí, sleánna deasghnáca, úmacha agus béalmhíreanna capaillíní ilchasta san taisce. Tá roinnt bonn iarainn ann a thugann fianaise maidir le húsáid vaigíní ceithre roth chomh maith le carbad dhá rotha. Tá meascán de stíleanna maisiúcháin ón Mheánmhuir agus ón Iarannaois le feiceáil ar chuid de na hearraí. Sular adhlacadh iad, is dócha go ndearnadh damáiste nó dó d’aon turas do chuid acu chun stádas ard an úinéara a léiriú, cé nach bhfuarthas aon iarsmaí daonna.[4]

Dúnmharú Diana Garbutt

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí an Mhárta 2010, fuarthas máistreás phoist an tsráidbhaile Diana Garbutt, marbh in árasán cónaithe os cionn an tsiopa, tar éis di gortuithe troma ceann a fhulaingt. Cúisíodh a fear céile Robin Garbutt as a dúnmharú.[5] Cuireadh os comhair na cúirte é agus phléadáil sé neamhchiontach. An 27 Meán Fómhair 2010, scaoileadh Robin Garbutt ar bhannaí toisc gur tháinig céim shuntasach chun cinn sa chás ina aghaidh.[6]

Ar an 19 Aibreán 2011, tar éis trialach ag Cúirt na Corónach Teesside, ciontaíodh é i ndúnmharú Diane Garbutt agus gearradh príosúnacht saoil air.[7]

An 3 Deireadh Fómhair 2024, thuairiscigh an BBC go raibh achomharc eile á dhéanamh ag Robin Garbutt i gcoinne a chiontaithe toisc gur úsáideadh córas Horizon mar fhianaise ina choinne.[8]

I gcultúr coiteann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Melsonby ar cheann de na láithreacha scannánaíochta don scannán 2025 28 Years Later.[9]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Oswald Longstaff Prowde (1882-1949), innealtóir sibhialta - a rugadh i Melsonby
  • Eaglais San Séamas, Melsonby
  • Taisce Stanwick
  1. "304" (Map). Darlington & Richmond. 1:25,000. Explorer. Ordnance Survey. 2015. ISBN 9780319245569.
  2. 1 2 3 Stenton (1970). "Preparatory to Anglo-Saxon England: The Collected Papers of Frank Merry Stenton". Clarendon. ISBN 0198223145. Dáta rochtana: 5 January 2019.
  3. Rishi Sunak official website”. Rishi Sunak. Dáta rochtana: 6 August 2015.
  4. Bradley. Archaeologists find 'unprecedented' Iron Age hoard”. BBC News. BBC. Dáta rochtana: 25 March 2025.
  5. "Husband charged with Melsonby post office murder".
  6. "Husband of Melsonby postmistress released on bail".
  7. "Husband guilty of Melsonby postmistress murder".
  8. Postmaster jailed for wife's murder seeks appeal”. BBC News (2 October 2024). Dáta rochtana: 3 October 2024.
  9. Gouldsbrough (21 September 2024). 28 Years Later: County Durham locations used for filming”. Darlington & Stockton Times. Dáta rochtana: 10 December 2024.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]