Mellbretha
Cineál | téacs ![]() |
---|---|
Príomhábhar | An Féineachas agus sports law (en) ![]() ![]() |
Is seantéacs de chuid an Fhéineachais caomhnaithe ach go heaspach maidir le dlí spóirt é Meallbhreitheanna (Sean-Ghaeilge Mellbretha[1]). Sa mhír a mhaireann, pléitear ann gortuithe timpistigh, agus an dliteanas a bhaintear leo i spóirt éagsúla. Faightear ann an-chuid spórt, roinnt dóibh aduain, ach ina measc cluichí amhail is iománaíocht agus ficheall.

Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1968, tháinig Anne agus William O'Sullivan ar mhír den Mellbretha caomhnaithe ar ghiota párpháipéir i gceangal an lámhscríbhinn CnaT, MS 1363.[2]:230-231 D'aistrigh agus d'eagraigh D. A. Binchy an mhír seo, á ceangal le plé gan lua ar dlí agus dliteanas spóirt, caomhnaithe sa lámhscríbhinn British Library, MS Egerton 88. Ní aontaíonn Liam Breatnach go iomlán leis an tuairim seo ámh.[3]:144 [4]:60, 263
Ábhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tosaíonn Mellbretha le scéimre accessus ad auctores, chur síos bréagstairiúil ar áit, am, údar agus spreagadh an téacs.[5][3]:145
Locc don leabar-sa Temair, 7 aimsir dó aimser Cuinn Cétcathaig, 7 peursa do Bodhainn, 7 tucait a deunma imairac comriachtain in da macraide dia Samhna for lar muige Breg; 7 robendaigh Patraicc 7 roforlin in esbaid."
Loc/áit don leabhar-sa Teamhair, agus aimsir dó aimsir Choinn Céadchathaigh, pearsa/údar dó Bodainn, agus tucaid/cúis a dhéanamh comhrac dhá mac-fhoireann ar mhá Bhreá ar lá Samhna; agus bheannaigh Pádraig agus d'fhorlíon an easpa.
Pléitear sanasaíocht an teidil Mellbretha i roinnt línte sa téacs.[3]:145 Ní raibh Binchy in ann lua ar bith don ainm a aimsiú i luathlitríocht Éireann,[3]:145 cé go ndéanann John Lynch trácht air ina shaothar Cambrensis Eversus (1662) (níor thuig seisean go cruinn áfach an téacs mar atá).[4]:263-264
Is scéal ar leith é i litríocht na hÉireann an cur síos seo faoi dhá fhoireann le linn ré Choinn. Bhí Binchy den bharúil gur mearchuimhne de sheanscéal anois-caillte atá ann.[3]:146 Mar an gcéanna, ní aithnítear an dlí-eolaí Bodainn lasmuigh den téacs seo.[3]:148. Ar an taobh eile, feictear Naomh Pádraig go minic i luathstair dlí Éireann, ag tabhairt a cheada agus á ailíniú le creideamh Críostaí.[6]:124-125
Sa mhír de Mellbretha atá caomhnaithe, pléitear ann dliteanas as gortuithe timpisteacha le linn cluichí.[lower-alpha 1] De réir dlí Ghaeligh, bhíodh duine gortaithe in ann costais leighis, bia agus cíos, ar a ghlaoitear "othrus"[8] nó "fulaingt tinnis".[9]) i gcásanna éagsúla a éilimh.[3]:132 Roinntear na cluichí ina dtrí chineál:
- ruidilsi cluichi,[10] cluichí le díolúine, cluichí nach bhfuil ceart iontu d'fhulaingt tinnis tar éis gortaithe thimpistigh
- fíanchluichi,[11] cluiche na bhFiann, ina bhfuil ceart iontu d'fhulaingt tinnis
- colcluichi,[12] cluichí ciontacha, tá an téacs doiléir ach is amhlaidh go dtabhaíonn siad fulaingt tinnis.[3]:149-150[13]:150-151.
Feictear i Mellbretha cúig chluiche is fiche.[7]:106 Is deacair roinnt dóibh a aithint, mínithe mar atá le timchaint, agus is amhlaidh gur hapax legomena iad roinnt dóibh i litríocht na hÉireann.[7]:118 [3]:151 Is cluichí na hóige, amhail is lámhchleasaíocht, iad na cluichí le díolúine. Is cluichí idir na hóige agus na haosachta iad cuid eile díobh, áfach, amhail is iománaíocht. Faightear cluichí cláir anseo amhail is ficheall agus brandubh, cé gurb amhlaidh é gur cluichí do dhaoine fásta amháin iad.[3]:152 Tá béim níos paraimíleataí ar cluichí na bhFiann, amhail is marcaíocht capall agus radadh.[7] :113-115 Is sách doiléir iad na colchluichí, ach de ghnáth is gníomhaíochtaí baolacha iad, amhail is "ag caitheamh sleá i dtionól isteach".[3]:153 [7]:117
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Binchy, D. A. (1978). "Corpus Iuris Hibernici (6 iml.)" 8: 140–143. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1589.1-48 (an mír as Mellbretha); 1338.5-1346.25 (an plé as Egerton 88).
- "A Legal Fragment" (1968). Celtica.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ eDIL s.v. mellbreth
- ↑ Kelly, Fergus (2002). "Ireland and Europe in the early Middle Ages: texts and transmissions": 230–242. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.
- ↑ 3.00 3.01 3.02 3.03 3.04 3.05 3.06 3.07 3.08 3.09 3.10 Binchy, D. A. (1968). "Mellbretha". Celtica 8: 144–154.
- ↑ 4.0 4.1 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ Qiu, Fangzhe (2021). "Law, Book, Culture in the Middle Ages": 126–146. Leiden: Brill. doi: .
- ↑ Qiu, Fangzhe (2014). "Narratives in early Irish law tracts". Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 Sayers, William (1992). "Games, sport and para-military exercise in early Ireland". Aethlon: The Journal of Sport Literature 10: 105–123.
- ↑ eDIL s.v. othrus, le brí cóir leighis a chur ar duine agus é tinn
- ↑ eDIL s.v. fulach
- ↑ eDIL s.v. ruidilse[nasc briste go buan], (ruíleas?) m.s., migán, sraenán
- ↑ eDIL s.v. fían
- ↑ eDIL s.v. cluiche
- ↑ Kelly, Fergus (1988). "A Guide to Early Irish Law" 3. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.