Mean Girls
Cuma
| Buneolas | ||
|---|---|---|
| Stiúrthóir | Mark Waters | |
| Príomhcharachtair | ||
| Léiriú | Lorne Michaels | |
| Script | Tina Fey | |
| Ceol | Rolfe Kent | |
| Grianghrafadóireacht | Daryn Okada | |
| Eagarthóireacht scannáin | Wendy Greene Bricmont | |
| Comhlacht léiriúcháin | SNL Studios | |
| Dáileoir | Paramount Pictures agus Netflix | |
| Mionsonraí | ||
| Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |
| Céadléiriú | 19 Aibreán 2004 | |
| Fad ama | 97 min | |
| Bunteanga | Béarla | |
| Suíomh scannánaíochta | Toronto, Nua-Gheirsí agus Ollscoil Toronto | |
| Dath | daite | |
| Cur síos | ||
| Bunaithe ar | Queen Bees and Wannabes | |
| Seánra | scannán do dhéagóirí, scannán bunaithe ar leabhair, geandráma rómánsúil, scannán bainteach le cúrsaí LADT agus scannán grinn | |
| Rátáil MPAA | PG-13 | |
| Príomhábhar | díoltas | |
| Taispeánann sé/sí | LGBTQ character (en) | |
| Suíomh scéalaíochta | Evanston | |
| ||
Is scannán grinn do dhéagóirí 2004 é Mean Girls a stiúir Mark Waters. Scríobh Tina Fey an script, bunaithe ar an leabhar neamhfhicsin Queen Bees and Wannabes le Rosalind Wiseman, leabhar a dhéanann cur síos ar thaithí na mban sa mheánscoil.
Clasaic é Mean Girls, a phléann leis an iomaíocht idir buíon cailíní atá sna déaga agus a bhfuil lucht féachana leanúnach aige ó eisíodh é.
Is le Lindsay Lohan an phríomhpháirt sa scannán agus tá páirt ag Rachel McAdams, Lacey Chabert, Amanda Seyfried (a céad ról mór), Lizzy Caplan agus Tina Fey freisin.
Cheiliúr an scannán a 20ú breithlá in 2024 agus tháinig leagan nua amach, le Samantha Jayne agus Arturo Perez Jr.[1]

As Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Chuir Chumann Drámaíochta UCC "Cailíní Gránna" ar an stáitse sa bhliain 2011, leagan Gaeilge bunaithe ar an scannán.[2]
- In 2025, tháinig scigaithris as Gaeilge amach, déanta ar an scannán ag an gcomhlacht léiriúcháin Mumbro Top faoi stiúir Hilary Bowen-Walsh, gearrscannán a scaipeadh go rábach ar na meáin shóisialta. I gcoláiste samhraidh sa nGaeltacht atá Cailíní Gránna suite. Coinníonn Bowen-Walsh sprid is croí an bhunleagain ach cuireann gnéithe nua isteach ann freisin a fheileann do shuíomh an athleagain.[3][4][5] Is iad Megan O'Malley, Hilary Bowen-Walsh, Rebecca Fisher, agus Eilís Carey na príomhaisteoirí. Fuair Cailíní Gránna ardmholadh agus ní ba dhéanaí i mbliain a chéad-eisithe, thograigh TG4 é a chur ar fáil ar a seinnteoir siúd.[6]
Carachtair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Lindsay Lohan mar Cady Heron
- Rachel McAdams mar Regina George
- Lizzy Caplan mar Janis Ian
- Lacey Chabert mar Gretchen Wieners
- Amanda Seyfried mar Karen Smith
- Jonathan Bennett mar Aaron Samuels
- Daniel Franzese mar Damian
- Tiny Fey mar Ms. Sharon Norbury
- Tim Meadows mar Príomhoide Ron Duvall
- Amy Poehler mar Mrs. George (An mháthair Regina)
- Rajiv Surendra mar Kevin Gnapoor
- Ana Gasteyer mar Betsy Heron (An mháthair Chaidy)
- Neil Flynn mar Chip Heron (An athair Chaidy)
- Daniel DeSanto mar Jason
- Diego Klattenhoff mar Shane Oman
- Nicole Crimi mar Kylie George (An deirfiúr Regina)
- Dwayne Hill mar Traenálaí Carr
- Julia Chantrey mar Amber D'Alessio
- David Reale mar Glen Coco
- Alisha Morrison mar Lea Edwards
- Alexandra Stapley mar Taylor Wedell
- Stefanie Drummond mar Bethany Byrd
- Erin Thompson mar Dawn Schweitzer
- Molly Shanahan mar Kristen Hadley
- Ky Pham mar Trang Pak
- Danielle Nguyen mar Sun Jin Dinh
- Clare Pruess mar Caroline Krafft
- Olympia Lukis mar Jessica Lopez
- Jan Caruana mar Emma Gerber
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cailíní Gránna (2025) le Mumbro Top faoi stiúir Hilary Bowen-Walsh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mean Girls (2024 film)" (as en) (2025-03-24). Wikipedia.
- ↑ "Cailíní Gránna". Cailíní Gránna. Dáta rochtana: 2025-03-26.
- ↑ Bridget Bhreathnach (20 Márta 2025). "DIALANN TUAIRISC: Sonny agus réalta Schitt’s Creek’, Cónocht an earraigh agus an fhearúlacht nimhiúil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-26.
- ↑ Stephen Porzio (27 Márta 2025). "Irish language short film based on classic Hollywood movie is going viral". Joe.ie. Dáta rochtana: 10 Deireadh Fómhair 2025.
- ↑ Mumbro Top (2025-03-13). "Cailíní Gránna | Irish language Mean Girls parody".
- ↑ "Súil na Seachtaine" (8 Deireadh Fómhair 2025). Seachtain: lch 2.