Jump to content

Meaití Jo Shéamuis Ó Fátharta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMeaití Jo Shéamuis Ó Fátharta
Beathaisnéis
Breith13 Aibreán 1947
Na hAille, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Eanáir 2025
77 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, láithreoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Gradam a fuarthas


Spotify: 190jODuNkhJv6h6BJePk2h Apple Music: 306727931 Discogs: 6520447 Allmusic: mn0002320735 Cuir in eagar ar Wikidata

Craoltóir agus amhránaí ba ea Meaití[1] Jo Shéamuis Ó Fátharta (13 Aibreán 1947 - 3 Eanáir 2025).[2] Bhí sé ar dhuine de mheitheal tosaithe RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é i measc an tseachtar clár-reachtairí a bhí ag obair sa stáisiún nuair a chuaigh sé ar an aer ar dtús i 1972.[3] Tá Ó Fátharta le háireamh ar dhuine de mhóramhránaithe sean-nóis a linne. Bhuaigh sé Comórtas na bhFear faoi dhó ag an Oireachtas agus bronnadh Corn Uí Riada air in 2001.[4]

Sna hAille in Indreabhán a rugadh Meaití Jó Shéamuis agus is ann a chaith sé a shaol. Ba i seanscoil Sailearna ina bhaile dúchais a fuair Meaití a chuid bunscolaíochta. I gColáiste Sheosaimh, faoi chúram Bhráithre Phádraig, Oileán Altanach i gCathair na dTreabh a fuair sé a chuid meánscolaíochta.[5]

As siúd d’éirigh leis scoláireacht a bhaint amach a d’fhág céim onóracha aige i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh in 1969. An bhliain dár gcionn agus cleachtadh múinteoireachta déanta aige i gColáiste Sheosaimh ar an nGarbhaile, Béal Átha na Sluaighe, bronnadh Ard-Dioplóma san Oideachas air.

I Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua a fuair Meaití a chéad phost buan. Ba iad an Fhraincis agus an Ghaeilge na hábhair a theagasc sé

Achar gairid go maith a mhair a shaol múinteoireachta mar le bunú Raidió na Gaeltachta bhí Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta ar dhuine den seachtar a ceapadh mar chlár-reachtairí ar an stáisiún nua.[5]

Chuir sé cláracha nuachta, irise agus spóirt i láthair ar Raidió na Gaeltachta. Ar iarratas óna nia in 1972 nuair a tháinig an stáisiún ar an aer, ba é a chum agus a chas an ceol aitheantais – atá casta ar an trumpa – atá luaite leis an stáisiún ó shin, ‘Cladaigh Chonamara’ nó ‘Ríl Mháirtín Shéamuis’.

Ceol

Is leis an gceol is mó a chuimhneofar air agus é ina cheoltóir agus amhránaí cumasach, ag seinm na feadóige móire, na bpíobaí uilleann agus i mbun portaíochta béil. Bronnadh Corn Uí Riada ar Mheaití ag Oireachtas 2001 san Daingean.

Thug a chuid amhrán agus ceoil ar fud an domhain é le hOireachtas na Gaeilge[6]: thaisteal sé go Ceanada chuig an 'Oireachtas bheag' thall ansin; chuaigh sé chuig an fhéile idirnáisiúnta cheilteach i Lorient na Briotáine le toscaireacht ón Oireachtas roinnt uaireanta agus go hAlbain chomh maith.

Rinne sé obair mhór chun taifeadtaí den cheol Gaelach a bhailiú agus a thaisceadh.[3] Ba mhinic Meaití ag taisteal na tíre ag seinm agus ag bailiú ceoil ag fleadhanna, seisiúin agus tionóil eile ceoil. Chuireadh sé an ceol sin i láthair a chuid éisteoirí ar a chlár 'Lán a' Mhála' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta - ceoltóirí, fonnadóirí agus lucht portaíochta béil nach raibh mórán aithne ná iomrá ag an lucht éisteachta orthu roimhe sin.[7]

Sna 2010idí, bhí baint aige le Club Foghlaimeoirí Gaeilge an Spidéil.[8] Bhásaigh sé i dTeach Altranais Áras Chois Fharraige, An Spidéal ar an 3ú Eanáir 2025.[2][9][10] Cuireadh é i Reilig an Chnoic.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. nó Máirtín
  2. 1 2 "Death Notice of Meaití Jo Shéamuis Ó Fátharta (Inverin, Galway) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2026-01-01.
  3. 1 2 Máire Ní Fhinneadha (2025-12-31). "Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2025…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-01.
  4. "Scéal beatha cúigear Gael eile curtha le Ainm.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-04-22). Dáta rochtana: 2026-04-26.
  5. 1 2 ainm.ie (2026). "Ó FÁTHARTA, Meaití Jó Shéamuis (1947–2025)". Dáta rochtana: 2026.
  6. RTÉ (2017-09-13). "Mír na Cartlainne ar RTÉ.... éist leis in 1982" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-01-01.
  7. Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2025-01-06). "Meaití Jo Shéamuis Ó Fátharta curtha i gcré na cille" (as ga-IE).
  8. "Máirín Mhic Lochlainn agus Meaití Jo Shéamuis, Ó Fátharta Teagascóirí le Club Foghlaimeoirí Gaeilge an Spidéil." (en). RTE Radio (2017-03-10). Dáta rochtana: 2026-01-01.
  9. Mártan Ó Ciardha ar RTÉ.ie (2025-01-15). "Laoch ar lár - Meaití Jó" (as ga-IE).
  10. RnaG. "Coirmcheoil in ómós do Mheaití Jó Shéamuis" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-01-01.