Meänkieli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaMeänkieli
meänkieli
Cineálteanga, teanga bheo agus teanga mhionlaigh
Canúint naAn Fhionlainnis
Úsáid
Cainteoirí dúchais70,000 (2015)
Á labhairtNorrland (en) Aistrigh
Dúchasach doLaplainn na Fionlainne, Norrbotten County (en) Aistrigh agus Torne Valley (en) Aistrigh
StáitAn tSualainn agus An Fhionlainn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Teangacha Úralacha
Finno-Ugric (en) Aistrigh
Finno-Permic (en) Aistrigh
Finno-Volgaic (en) Aistrigh
Finno-Samic (en) Aistrigh
Finnic (en) Aistrigh
An Fhionlainnis
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na Fionlainnise agus aibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-3fit
Glottologtorn1244
Ethnologuefit
IETFfit

Is í an teanga Meänkieli ("ár dteanga féin", cf. meidän kielemme de réir theanga chaighdeánaithe na Fionlainne) an cineál Fionlainnise a labhraítear i dTuaisceart na Sualainne. Ainmneacha eile ar an teanga iad tornedalsfinska (Sualainnis: "Fionlainnis Ghleann Abhainn Torne/Tornio") agus tornionlaaksonsuomi (an rud céanna i bhFionlainnis).

Táthar idir dhá chomhairle, cé acu canúint de chuid na Fionlainnise nó teanga inti féin í. Thosaigh forbairt na teanga Meänkieli mar theanga ar leith sa bhliain 1809, nuair a thit an chuid ba mhó de chríocha na Fionlainne leis an Rúis de thoradh an chogaidh (Cogadh na Fionlainne 1808-9) a chuir an tSualainn agus an Rúis Impiriúil ar a chéile roimhe sin.

an cineál Fionlainnise a labhraítear i dTuaisceart na Sualainne

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh Chogadh na Fionlainne ní raibh difríocht ar bith idir an teanga Meänkieli agus na canúintí a labhraítí taobh thoir den abhainn úd Tornionjoki/Torneälven: bhí na canúintí go léir i ngleann na habhainne sin ag dul i bhfeidhm ar a chéile go nádúrtha. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach, nuair a tarraingíodh teorainn na Rúise agus na Sualainne ar feadh na habhainne. Bhí tionchar na Sualainnise láidir go maith ar fud na Fionlainne roimhe sin. I rith na naoú haoise déag, áfach, thosaigh caighdeánú na Fionlainnise sa chuid ba mhó den Fhionlainn (Ard-Diúcacht na Fionlainne faoi cheannas Impire na Rúise), agus ba chuid den chaighdeánú seo an glanteangachas: thosaigh na Fionlannaigh focail nua a chur i dtoll le chéile as tamhain ghlan-Fhionlainnise agus a chur in áit na n-iasachtaí ón tSualainnis. Ní dheachaigh an caighdeánú seo i bhfeidhm ar na canúintí taobh thiar den teorainn nua, áfach, áit ar mhair an chosmhuintir ag labhairt mar a labhraídís riamh.

"Tá mé, tá tú" agus araile i Meänkieli agus i bhFionlainnis: an leagan Meänkieli ar chlé agus an leagan gnáth-Fhionlainnise ar dheis. "Bí ag foghlaim Meänkieli chomh maith le duine" is ciall don teideal - Opettelepa sinäkin meänkieltä a bheadh ann i bhFionlainnis chaighdeánaithe.

Sna 1880idí thosaigh údaráis stáit na Sualainne ag cur in aghaidh na Fionlainnise i ngleann Tornionjoki. Bhí siad barúlach gur bagairt mhíleata ab ea an Rúis don tSualainn agus nach bhféadfaí muinín a dhéanamh as muintir na gcríoch teorainne má chloígh siad le "teanga iasachta" a raibh tromlach a cainteoirí ina gcónaí ar thaobh na Rùise.

Is é an tuairim a bhíodh ag na cainteoirí dúchais féin go dtí na seachtóidí ná nach raibh ach canúint Fionlainnise á labhairt acu. Sna hochtóidí, áfach, thosaigh cumann na gcainteoirí dúchais ag cur a mhalairt tuisceana chun cinn: ba é an mana a bhí acu siúd ná nach "droch-Fhionlainnis" a bhí sa teanga Meänkieli agus go mba chóir an Meänkieli a chleachtadh mar theanga oideachais agus litríochta ar leith. Ba é an scríbhneoir Bengt Pohjanen thar aon duine eile a bhí sáite sna hiarrachtaí seo.

Sa bhliain 1985 d'fhoilsigh Pohjanen an chéad úrscéal sa teanga. Aon bhliain déag ina dhiaidh sin tháinig an chéad leabhar gramadaí, Meänkielen kramatiikki, i gcló. Ba iad Pohjanen agus an teangeolaí Fionlannach Matti Kenttä na húdair. Chruthaigh siad cineál caighdeán liteartha don teanga leis an ngráiméar seo: tá sé bunaithe ar na canúintí a labhraítear i bPajala agus in Övertorneå (Fionlainnis: Ylitornio). Is í an chanúint a labhraítear in Gällivare (Fionlainnis: Jällivaara) an ceann is eisceachtúla, ós mó a chuaigh an tSámais (an Laplainnis) i bhfeidhm uirthi ná ar na canúintí eile.

Stádas na teanga inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2000 reachtaíodh dlí nua a rinne teanga oifigiúil den Meänkieli i gcúig phobal áitiúla i gCúige Norrbotten: Pajala, Övertorneå/Ylitornio, Haparanda/Haaparanta, Kiruna/Kiiruna agus Gällivare/Jällivaara.