Meáin chumarsáide na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin sa tír ná an Irish Times, an Irish Independent agus, le cúpla bliain anuas, an Irish Examiner. Bhíodh an Cork Examiner ar an nuachtán laethúil seo ar feadh na mblianta, ach beartaíodh díol náisiúnta a thabhairt dó tar éis gur theip ar an Irish Press i lár na 1990idí agus athainmníodh mar sin é.

Scéal - drámaíocht ó TG4

Tá eagráin d´Éirinn ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an Belfast Telegraph, an Irish News agus an Daily Ireland as Béal Feirste, ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhíodh an Irish Press, Sunday Press agus Evening Herald an-tábhachtach go dtí na 1970í, agus iad á riaradh ag muintir Éamon de Valera. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an Sunday Independent agus an Sunday World ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an Sunday Business Post atá neamhspleách agus teidil eile de bhunadh Sasana le hábhar dírithe ar Éirinn, an Sunday Times agus Irish Mail on Sunday ina measc. Bhíodh dhá nuachtán Gaeilge ann: (a foilsíodh go laethúil i mBéal Feirste) agus Foinse (a foilsíodh go seachtainiúil sa Cheathrú Rua).

Is é Radio Telefís Éireann an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: RTÉ a hAon, RTÉ a Dó agus TG4. Tá TV3 agus Channel 6 neamhspleách ón stát. Tá an BBC ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le hUTV atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]