Jump to content

McGee v An tArd-Aighne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMcGee v An tArd-Aighne
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisÉire Cuir in eagar ar Wikidata
GearánaíMary McGee (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
CúirtAn Chúirt Uachtarach Cuir in eagar ar Wikidata


Tá cás McGee v An tArd-Aighne [1974] ina chás cinniúnach i stair na hÉireann. Bhuaigh an lánúin McGee a gcás ar achomharc sa Chúirt Uachtarach sa bhliain 1973/1974.[1][2]

Ní fhéadfadh May ná Séamus, lánúin neamhphostúil ó na Sceirí, a shamhlú go gcuirfeadh a n-iarracht deireadh a chur leis an gcosc ar fhrithghiniúint in 1972 athrú buan ar shochaí na hÉireann.

Sa bhliain 1972, bhí frithghiniúint mídhleathach in Éirinn. Cé go bhféadfadh mná an piolla a fháil óna ndochtúir teaghlaigh féin, bhí cosc iomlán ar tháirgí frithghiniúna a dhíol. Nuair a rinne May agus Séamus McGee teagmháil le haturnae in 1972 chun a n-imní faoi fhrithghiniúint a bhí faoi thoirmeasc a chur in iúl, ní raibh aon tuairim acu go dtiocfadh athrú ar an dlí mar thoradh ar an gcás a d'eascair as, dlí atá tar éis tionchar mór a imirt ar shochaí na hÉireann.[2]

I gcás May McGee, áfach, bhí mórdheacrachtaí leighis aici le linn di a bheith torrach an chéad trí bhabhta, agus thug a dochtúir rabhadh di go neamhbhalbh go bhféadfadh sí a bheith i mbaol báis ó thoircheas eile. Mar gheall air seo rinne May iarracht glóthach speirmicídeach a iompórtáil. Ach gabhadh an pacáiste a bhí ar a bhealach chuici, agus bagraíodh príosún ar an máthair óg. Níor chuir sé sin lagmhisneach uirthi féin ná ar a fear céile agus thug siad dúshlán an dlí go teanntásach.[1] [2]

Sa bhliain 1972 rialaigh an Ard-Chúirt i gcoinne McGee. Bliain ina dhiaidh sin, ar an 19 Nollaig 1973, tugadh cinneadh ceannródaíoch na Cúirte Uachtaraí i McGee v An tArd-Aighne [1974] IR 284 (trí thromlach 4-1), gur sháraigh dlí a chuir cosc ​​ar allmhairiú frithghiniúnach an ceart a bhí ag na gearánaithe sa chás seo chun na príobháideachta sa phósadh. Mar sin nár tugadh anonn é mar cheann de na dlíthe a bhí i bhfeidhm tar éis don Bhunreacht teacht i ngníomh in 1937.[3]

Paddy Cooney, ligeadh síos é

Chun teacht ar réiteach, mhol Paddy Cooney, Aire Dlí agus Cirt, an Bille um Rialú Allmhairiú, Díol agus Monarú Frithghiniúnacha 1974. Ach reáchtáladh vóta saor sa Dáil agus cuireadh go tréan ina choinne; vótáil an Taoiseach, Liam Cosgrave féin, ina éadan.

Sé bliana i ndiaidh chás McGee, rinneadh frithghiniúint dleathach;[2] ba sa bhliain 1979 a thug Charlie Haughey isteach an tAcht Sláinte (Beartú Muiríne).[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clár TG4: Misneach (Midas, 4 Deireadh Fómhair 2023)

  1. 1.0 1.1 Law1. "McGee v. A.G. & Anor [1973 IESC 2; [1974] IR 284 (19 December 1973)]". www.bailii.org. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 RTÉ (2023-10-04). "The couple who fought for contraception: Misneach ar TG4" (as ga-IE). 
  3. Scoil Dlí, COBÁC (2023). "Cinneadh ceannródaíoch". Dáta rochtana: 2025.
  4. "Pribhléid is cumhacht na bhfear a d’fhág glas ar bhéal na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-01-28). Dáta rochtana: 2025-12-07.