Maya an Bheachín
| Die Biene Maja | |
|---|---|
| Seánra | sraith theilifíse do pháistí |
| Stiúrthóir | Daniel Duda (en) |
| Cumadóir | Fabrice Aboulker (en) |
| Cuideachta léiriúcháin | Studio 100 (en) |
| Tír | an Ghearmáin agus an Fhrainc |
| Bunteanga | an Ghearmáinis, an Fhraincis agus Béarla |
| Bealach teilifíse | ZDF, Qubo (en) |
| Fad na n-eipeasóidí | 12 min |
| An chéad eipeasóid | 5 Meán Fómhair 2012 |
| An eipeasóid dheireanach | 29 Samhain 2017 |
| Líon séasúr | 2 |
| Líon eipeasóidí | 130 |
| Liosta eipeasóidí | list of Maya the Bee episodes (en) |
| Tuilleadh eolais | |
| Suíomh oifigiúil | maya.tv |
Is sraith teilifíse í Maya an Bheachín, a rinne an comhlacht Francach, 'Studio 100 Animation'[1]. Craoladh ar TG4 í sa bhliain 2016 don chéad uair.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an scannán beochana Maya the Bee Movie bunús an scéil. Tháinig an choincheap ó 'Maya the Honey Bee’ (みつばちマーヤの冒険). Seo sraith anime sa bhliain 1975, agus í buanithe ar leabhar a scríobh an Gearmánach Waldemar Bonsels i 1912.
Téamaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scéal é seo faoi Maya, beach óg, agus na himeachtaí a tharlaíonn di nuair a ghoideann duine éigin an mhil ón gcoirceog. Is beaichín fhiosrach í Maya. In éineacht lena cairde Flip agus Willy fiosraíonn sí an domhan draíochtúil ina mórthimpeall. Ach ní maith le Maya na rialacha sa choirceog agus b’fhearr léi bheith ag eitilt ar fud na háite. Bíonn sí i dtrioblóid go minic leis na beacha eile. Sa scannán déanann sí iarracht teacht ar na gadaithe a ghoid an mhil.