Maurice Bogue
Oibritheoir raidió agus innealtóir eitilte as Droichead Átha ba ea Maurice Bogue (1919 - 31 Lúnasa 2004).[1] Fear mór CLG agus aireagóir ba é chomh maith. Ní raibh rud ab fhearr le Muiris ná a bheith ag tincéireacht thart le trealamh agus le gairis mheicniúla.[2]

Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bheadh cuid mhaith agaibh nár chuala trácht ariamh ar ‘Clog Bogue’. Níor chuala ná mise gur thug mé cuairt ar Pháirc na nGael i Nua-Eabhrac roinnt mhaith blianta ó shin. Ba é a bhí á úsáid ansiúd agus mura bhfuil mé ag dul amú, tá sé ann i gcónaí.
Ba as Droichead Átha do Maurice Bogue, áit a raibh stór agus muileann adhmaid ag a mhuintir ansiúd. Corcaíoch ó dhúchas ab ea a athair agus chothaigh seisean suim sna Cluichí Gaelacha ina chlann. D’imir Maurice le Eoghan Rua agus bhí ar iomána chontae Lú i dtús na 1940idí.
Bhí an-spéis i cónaí ag Bogue i gcúrsaí meicniúla. Cháiligh sé mar oifigeach raidió, d’oibrigh ar bhord loinge agus sa Cabhlach Trádála de chuid na Ríochta Aontaithe. Nuair a osclaíodh Aerfort Rinn Eanaigh ar an tSionainn, bhí Bogue ar dhuine de na riarthóirí aerthráchta ba thúisce a fostaíodh ann.
Sna 1950idí chuaigh sé i mbun mhuileann adhmaid a mhuintire, i nDroichead Átha.
CLG
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ós rud é go raibh an pheil Ghaelach agus an iománaíocht chomh gar sin dá chroí, chuir sé roimhe clog a chur ina chéile a bheadh déanta d’aon turas le ham a chur ar chluichí díobh siúd. Is mar sin a tháinig ‘Clog Bogue’ ar an saol. Go bunúsach b’ionann é agus stop-uaireadóir mór – ach go raibh dhá bhonnán air seo. Bhíothas in ann an clog a stopadh nuair a bheadh an imirt stadta agus é a chur sa tsiúl ar atosaí. Shéidfí na bonnáin ag lán agus ag leath ama.
Ar an 8 Bealtaine 1938 a facthas ag obair den chéad uair é ag cluiche peile idir contae Lú agus Maigh Eo i mbaile dúchais an té a cheap é. Bhí a raibh i láthair thar a bheith tógtha leis.
Níos deireanaí an bhliain sin thaistil Maurice go Leitir Ceanainn leis an gclog, áit ar imir peileadóirí Lú agus Dhún na nGall a chéile agus iománaithe Chorcaí agus Átha Cliath. ‘Mr. Bogue of Dundalk (sic), the inventor was present and personally operated the Bogue Clock, which timed the games to the precision of a second’ a thuairisc an Donegal News ar an 24 Meán Fómhair 1938.[2]
Faoin tráth sin bhí Maurice Bogue ag taisteal na tíre ar chuireadh ó choistí cúige, contae agus clubanna a bhí ag iarraidh a chlog a fheiceáil i mbun oibre. Ba chluiche sa tSraith Náisiúnta idir contae na Mí agus Lú ar an Uaimh faoi Shamhain 1938 a facthas in úsáid don chéad uair é i gComórtas Náisiúnta. An bhliain dár gcionn chuir na contaetha sin, mar aon leis an gClár, rún os comhair na Comhdhála Náisiúnta ag iarraidh go mbainfí úsáid as ag chuile chluiche ceannais cúige mar aon le Cluiche Ceannais na hÉireann. Diúltaíodh dó.
Ó thráth go chéile as sin go ceann deich mbliana a úsáideadh ‘Clog Bogue’. Fiú gur déanadh ceann mar é ar leictreachas a chuir ag obair é, ach aon uair ar tháinig moladh os comhair na Comhdhála glacadh leis mar riail, diúltaíodh dó. Chuaigh an taibhseacht a bhain leis i léig de réir a chéile.
An argóint ba mhó a bhíodh ina choinne, nach mbíodh am an chloig agus an t-am a bhí ar uaireadóir an réiteora ag teacht le céile agus nach i gcónaí a bhíodh seisean, na himreoirí ná an lucht féachana in ann an bonnán a chloisteáil. Ní raibh fuacht ná faitíos ar Maurice Bogue tabhairt fúthu siúd a chaith amhras ar an ngaireas a chruthaigh sé. Ba mhinic a scríobh sé chuig na nuachtáin á bhfreagairt.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Maurice played his role in D-Day at Dunkirk" (en). Irish Independent (2004-12-17). Dáta rochtana: 2025-08-31.
- 1 2 3 Mártan Ó Ciardha (31 Lúnasa 2025). "Má tá am agat, is fiú éisteacht le scéal ‘Clog Bogue’…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-31.