Maureen Potter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaureen Potter
Beathaisnéis
Breith3 Eanáir 1925
Fionnradharc, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Aibreán 2004
79 bliana d'aois
Cluain Tarbh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1938 –
UirlisCeol gutha

IMDB: nm0693322 IBDB: 84549
Discogs: 4571836 Find a Grave: 9793971 Cuir in eagar ar Wikidata

B'amhránaí, aisteoir, banfhuirseoir Éireannach í Maria Philomena Potter (3 Eanáir 1925 - 7 Aibreán 2004).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Maureen i mBaile Átha Cliath i Fionnradharc ar thaobh thuaidh na cathrach. Bhí a máthair ina sár amhránaí, ag casadh le John McCormack agus Margaret Burke Sheridan. D’fhreastal sí ar St. Mary's Fairview agus CYMS.

amharclann Gaiety

Phós sí Jack O Leary i 1959. Bhuail siad lena chéile don chéad uair riamh i 1943. Chuidigh sé go mór léi chun a ábhar coiméide a scríobh. Bhí beirt chlainne acu, Hugh agus John O’Leary[1].

amharclann Gaiety

Agus í naoi mbliain d'aois, d’aithin an fuirseoir Jimmy O’Dea í agus fuair sí páirt i geamaireacht san amharclann Gaiety.

I 1937, thosaigh sí ag obair le Jack Hylton,agus chuaigh sí ar chamchuairt thart ar Shasana agus na hEorpa. I 1938, sa Ghearmáin, rinne siad seó os comhair Adolf Hitler agus an chuid eile den lucht ceannais Naitsíoch.

Sna 1960idí, bhí sí ar Teilifís Éireann uaireanta le O’Dea ach tar éis bás s’aige I 1965 bhí sí i gcomhluadar leis an damhsóir agus fuirseoir, Danny Cummins. Achan samhradh, bhíodh sí ina príomhaoi ag an Gaiety i seó darbh ainm ‘Gaels of Laughter’ a bhí tógtha thart uirthi.  

Sna luath 90idí, bhí sí ag maíomh go raibh sí imithe ar scor ón stáitse. Thosaigh sí ag déanamh seónna aonair uair a chloig agus ag scríobh leabhar do pháistí chomh maith. I 2001, ba í an chéad réalta a chuir a lorg láimhe ar an ‘Walk of Fame’ taobh amuigh an Gaiety.[2]  

Bás agus Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Maureen Potter bás ar 7 Aibreán 2004 ina teach, i mBaile Átha Cliath.[3]


Bliain Scannán
1957 The Rising of the Moon
1958 Gideon’s Day
1967 Ulysses
1977 A Portrait of the Artist as a Young Man
1997 How To Cheat in the Leaving Cert

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Potter, Maureen | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  2. "Maureen Potter". IMDb. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  3. "Maureen Potter Entertainer" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2023-03-07.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]