Matthew Webb
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 19 Eanáir 1848 Dawley, England |
| Bás | 24 Iúil 1883 35 bliana d'aois Eas Niagara |
| Siocair bháis | Bás tionóisceach (Bá) |
| Áit adhlactha | Oakwood Cemetery (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Tottenham Grammar School (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | snámhóir, éachtóir |
| Tír spóirt | Sasana |
| Spórt | snámh |
| Croineolaíocht | |
| cross-Channel swimming (en) | |
Ba é an Captaen Matthew Webb (19 Eanáir 1848 – 24 Iúil 1883) an chéad duine a d'éirigh leis Muir nIocht a shnámh, gan cúnamh. Ar an 25 Lúnasa 1875 shnámh sé ó Dover, Shasana go Calais san Fhrainc, taobh istigh de 22 uair a chloig.
Luath-óige agus gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Webb i nDawley, Shropshire. Bhí 12 páiste ag a athair, a bhí ina dhochtúir ó Coalbrookdale. Liostáil sé leis an gCabhlach Ríoga agus chuir sé isteach trí bliana mar phrintíseach le Rathbone Brothers ó Learpholl,Shasana.
Curiarracht snámha Mhuir nIocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 12 Lúnasa 1875 rinne Webb a chéad iarracht Muir nIocht a thrasnú, ach theip air toisc go raibh an ghaoth róláidir agus an fharraige ró-gharbh dó.
Ar an 24 Lúnasa 1875 thosaigh sé ar a dara iarracht, ó Admiralty Pier i nDover. Ar dtús báire, roimh dul isteach dó, d'ith sé bricfeasta mór bagúin agus uibheacha agus chaith sé siar gloine cláiréid leis!

Bhí a chorp smeartha le hola muice mara roimh dul isteach san uisce dó. D'úsáid sé an bhéim bhrollaigh agus é ag snámh. Chuir sruth láidir taoide, maille le cealgaí ó smugairlí róin coiteann, isteach go mór air, agus é amuigh ó Cap Gris Nez.
D'éirigh leis áfach cladach Chalais a bhaint amach, tar éis 21 uair agus 45 nóiméad san fharraige.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 24 Iúil 1883, rinne Webb iarracht snámh trasna na guairneáin in Abhainn Niagara ag bun Eas Niagara i gCeanada. Chuir sé an chéad chuid de slán. Ach níor tháinig sé aníos as an bpoll súraic i lár na habhann.
Breis léitheoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Elderwick, David (1987). Captain Webb: Channel Swimmer. ISBN 0-947731-23-7.
- Sprawson, Charles (1992). Haunts of the Black Masseur: The Swimmer as Hero. ISBN 0-8166-3539-0.
- Watson, Kathy (2000). The Crossing: The Curious Story of the First Man to Swim the English Channel. ISBN 0-7472-2341-6.