Jump to content

Matt Cranitch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMatt Cranitch
Beathaisnéis
Breith1948
77/78 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfidléir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol na hÉireann agus ceol traidisiúnta na hÉireann
UirlisVeidhlín agus fidil


Musicbrainz: 61035673-afe2-41a5-91eb-2bc66f236941 Discogs: 1282364 Cuir in eagar ar Wikidata

Veidhleadóir as Contae Chorcaí é Matt Cranitch a bhfuil cáil agus iomrá air mar gheall ar a chuid máistreachta ar stíl Shliabh Luachra. D’fhás Matt aníos i dteaghlach ceolmhar agus ba léir a luí féin leis an gceol ó bhí sé rí-óg. Ba ghearr go raibh cáil mhór air i saol an cheoil in Éirinn. Bhuaigh sé duaiseanna Uile-Éireann ag an bhFleadh Cheoil, chomh maith le duais The Fiddler of Dooney agus Corn an Chrotaigh ag an Oireachtas.

Ó thosaigh sé amach i saol an cheoil, sheinn Matt ag ceolchoirmeacha go leor in Éirinn agus ar fud an domhain, ina cheoltóir aonair agus i gcomhar le grúpaí éagsúla. Bhí sé tráthanna éagsúla i mbannaí cáiliúla de leithéid Na Filí, Any Old Time agus Sliabh Notes agus rinne sé cion mór tairbhe don cheol Gaelach. Rinne sé taifeadadh le gach ceann de na grúpaí sin ar albaim ar mór an moladh agus an trácht a bhíonn orthu.

Chomh maith leis na coirmeacha ceoil, caitheann Matt dua agus dúthracht le múinteoireacht agus le scríbhneoireacht. Meastar go bhfuil leabhar dá chuid The Irish Fiddle Book ar cheann de na téacsanna teagaisc is uilechuimsithí atá ar fáil ag an bhfoghlaimeoir maidir le fidléireacht thraidisiúnta na hÉireann. Tá sé ina shaineolaí ar cheol Shliabh Luachra agus ghnóthaigh sé céim Dochtúireachta ó Ollscoil Luimnigh mar gheall ar a chuid léinn maidir le fidléireacht an cheantair sin. Is fiú aird faoi leith a thabhairt ar Éistigh Seal, albam dá chuid atá dírithe go hiomlán ar fhoinn mhalla, chomh maith le The Living Stream agus Rolling On, albaim a rinne sé i gcomhar leis an mboscadóir Jackie Daly a mbíonn sé ag ceol leis go rialta. Bronnadh Gradam Saoil Cheoil TG4 air sa bhliain 2025.