Maryna Viazovska

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaryna Viazovska

(2013) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(uk) Мари́на Сергі́ївна В'язо́вська
Beathaisnéis
Breith2 Nollaig 1984
39 bliana d'aois
Cív, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síKyiv Natural Science Lyceum No. 145 (en) Aistrigh
Ollscoil Bonn - Doctor rerum naturalium (–2013)
Faculty of Mechanics and Mathematics, Taras Shevchenko National University of Kyiv (en) Aistrigh
Taras Shevchenko National University of Kyiv (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcandidate of Sciences in Physics and Mathematics (en) Aistrigh
Doctor rerum naturalium
céim máistreachta
Comhairleoir dochtúireachtaDon Zagier agus Werner Müller
Áit chónaithean Eilvéis
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic agus uimhirtheoiric
Gairmmatamaiticeoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Humboldt Bheirlín
Swiss Federal Institute of Technology in Lausanne (en) Aistrigh
Institute of Mathematics of the National Academy of Sciences of Ukraine (en) Aistrigh
Berlin Mathematical School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidDon Zagier
TeangachaBéarla, an Rúisis agus an Úcráinis
Teaghlach
CéileDaniel Yevtushinsky Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinpeople.epfl.ch… Cuir in eagar ar Wikidata

 

Is matamaiticeoir Úcránach í Maryna Sergiivna Viazovska (Úcráinis: Марина Сергіївна Вязовська, a rugadh 2 Nollaig 1984) aitheanta as a cuid oibre ar sféarphacáil. Tá sí ina hOllamh iomlán agus ina Cathaoirleach ar Uimhirtheoiric ag Institiúid Matamaitice an École Polytechnique Fédérale de Lausanne san Eilvéis.[1] Bronnadh an Bonn Fields uirthi sa bhliain 2022.[2][3]

Oideachas agus gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Viazovska i gCív an duine is sine de thriúr deirfiúracha. Ba cheimiceoir a hathair a bhí ag obair i monarcha aerárthach Antonov agus innealtóir a máthair.[3] D'fhreastail sí ar shainmheánscoil do mhic léinn ardghnóthachtála san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, Licéam Chív do na hEolaíochtaí Nádúrtha (Úcráinis : Київський природничо-науковий ліцей № 145). Bhí múinteoir a raibh tionchar aige ann, Andrii Knyazyuk, ag obair roimhe seo mar mhatamaiticeoir taighde gairmiúil sular ceapadh é ina mhúinteoir meánscoile. Chuaigh Viazovska san iomaíocht sna hOilimpicí matamaitice intíre nuair a bhí sí ar an ardscoil, agus bhuaigh sí an 13ú háit i gcomórtas náisiúnta inar roghnaíodh 12 scoláire chuig campa traenála, as a raibh sé cinn acu le roghnú don Oilimpiad Matamaitice Idirnáisiúnta.[3] Mar dhalta ag Ollscoil Náisiúnta Taras - Shevchenko Chív, (Úcráinis: Київський національний університет імені Тараса Шевченка) bhí sí san iomaíocht ag an gComórtas Idirnáisiúnta Matamaitice do Mhic Léinn Ollscoile i 2002, 2003, 2004, agus 2005, agus bhí sí ar cheann de na buaiteoirí chéad áit i 2002 agus 2005. Bhí sí ina comhúdar ar a céad pháipéar taighde sa bhliain 2005.[3]

Ghnóthaigh Viazovska máistreacht ó Ollscoil Kaiserslautern (Gearmáinis: Technische Universität Kaiserslautern) sa bhliain 2007, PhD ó Institiúid na Matamaitice de chuid Acadamh Náisiúnta Eolaíochtaí na hÚcráine (Úcráinis: Інститут математики Національної академії наук України) sa bhliain 2010, agus dochtúireacht (Dr. rer. nat.) ó Ollscoil Bonn in 2013. Baineann a tráchtas dochtúireachta, 'Modular Functions and Special Cycles', le huimhirtheoiric anailíseach agus ba iad Don Zagier agus Werner Müller a mhaoirsigh.

Ba thaighdeoir iardhochtúireachta í ag Scoil Matamaitice Bheirlín agus Ollscoil Humboldt i mBeirlín agus ina Cuairteoir Oirirce Minerva ag Ollscoil Princeton. Ó Eanáir 2018 choinnigh sí Cathaoir na hUimhirtheoirice mar ollamh iomlán ag École Polytechnique Fédérale de Lausanne (EPFL) san Eilvéis, tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh ina hollamh cúnta tionachta.Ó Eanáir 2018 tá sí ina Cathaoirleach ar Theoiric na hUimhreach mar ollamh iomlán ag an École Polytechnique Fédérale de Lausanne (EPFL) san Eilvéis tar éis tréimhse ghairid mar ollamh cúnta tenure-track.[1]

Torthaí Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2016, réitigh Viazovska fadhb an sféarphacála i dtoise 8. Ba é an toradh a bhí ar a réiteach i dtoise 8 ná comhoibriú le daoine eile, agus réiteach i dtoise 24 a fháil. Roimhe seo, ní raibh an fhadhb réitithe ach ar feadh trí thoise nó níos lú, agus bhí ríomhaireachtaí fada i gceist le cruthú an leagan tríthoiseach (tuairim Kepler). I gcodarsnacht leis sin, tá cruthúnas Viazovska do thoisí 8 agus 24 "stunningly simple".[4]

Chomh maith lena cuid oibre ar sféarphacáil, tá cáil ar Viazovska freisin as a cuid taighde ar dhearaí sféarúla le Bondarenko agus Radchenko. In éineacht leo chruthaigh sí tuairim de chuid Korevaar agus Meyers ar dhearaí beaga a bheith ann i dtoise ar bith. Bhí an toradh seo ar cheann de na nithe a bhuaigh a comhúdar Andriy Bondarenko Duais Vasil A. Popov maidir le teoiric neasúcháin in 2013.

Aitheantas[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2016, fuair Viazovska an duais 'Salem Prize' agus, in 2017, an Clay Research Award agus duais SASTRA Ramanujan Prize as a cuid oibre ar sféarphacáil agus ar fhoirmeacha modúlacha. I mí na Nollag 2017, bronnadh an duais 'New Horizons in Mathematics Prize 2018' uirthi. Ba aoichainteoir í ag Comhdháil Idirnáisiúnta na Matamaitice 2018. Don bhliain 2019 bronnadh an duais "Ruth Lyttle Satter Prize in Mathematics" uirthi [5] agus Fermat Prize. Tá sí ar cheann de bhuaiteoirí 2020 na Duaise EMS. Sa bhliain 2020, bhronn an Fondation Latsis an duais Prix national Latsis uirthi freisin. Toghadh chuig an Academia Europaea í 2021. Ceapadh í ina Scoláire Sinsearach ag an Clay Mathematics Institute i mí Iúil 2022.[6]

Bronnadh an Bonn Fields uirthi i mí Iúil 2022, rud a fhágann gurb í an dara bean (i ndiaidh Maryam Mirzakhani), an dara duine a rugadh san Úcráin agus an chéad duine le céim ó ollscoil san Úcráin a fuair riamh é.[7][8] Tugadh onóir di mar dhuine den 'BBC 100 Women' i mí na Nollag 2022.[9]

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Viazovska lena fear céile, Daniil Evtushinsky, ag grúpa fisice iarscoile do pháistí scoile. Is taighdeoir é freisin ag École Polytechnique Fédérale de Lausanne, san fhisic. Tá beirt pháistí acu, mac agus iníon.[3] [10]

Foilseacháin roghnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Selected publications[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bondarenko, Andriy; Radchenko, Danylo; Viazovska, Maryna (2013), "Optimal asymptotic bounds for spherical designs", Annals of Mathematics, Second Series, 178 (2): 443–452, arXiv:1009.4407, doi:10.4007/annals.2013.178.2.2, MR 3071504, S2CID 2490453
  • Viazovska, Maryna (2017), "The sphere packing problem in dimension 8", Annals of Mathematics, 185 (3): 991–1015, arXiv:1603.04246, doi:10.4007/annals.2017.185.3.7, S2CID 119286185
  • Cohn, Henry; Kumar, Abhinav; Miller, Stephen D.; Radchenko, Danylo; Viazovska, Maryna (2017), "The sphere packing problem in dimension 24", Annals of Mathematics, 185 (3): 1017–1033, arXiv:1603.06518, doi:10.4007/annals.2017.185.3.8, S2CID 119281758
  • Cohn, Henry; Kumar, Abhinav; Miller, Stephen D.; Radchenko, Danylo; Viazovska, Maryna (2019), "Universal optimality of the E8 and Leech lattices and interpolation formulas", Annals of Mathematics, arXiv:1902.05438, arna gcartlann ó an bunleagan ar 2022-07-14, aisghafa 2023-03-01

 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Testa (1 August 2018). “Maryna Viazovska promoted to Full Professor”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 October 2019. Dáta rochtana: 9 January 2018. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":0" defined multiple times with different content
  2. Fields Medals 2022”. International Mathematical Union. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 July 2022. Dáta rochtana: 5 July 2022.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Lin (5 July 2022). “In Times of Scarcity, War and Peace, a Ukrainian Finds the Magic in Math”. quantamagazine.org. Quanta Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 July 2022. Dáta rochtana: 5 July 2022. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "qf" defined multiple times with different content
  4. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named quanta
  5. News from the AMS”. American Mathematical Society. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 November 2021. Dáta rochtana: 28 April 2021.
  6. Maryna Viazovska | Clay Mathematics Institute”. www.claymath.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 June 2022. Dáta rochtana: 28 May 2022.
  7. Ukrainian Viazovska wins Fields Medal 2022”. www.ukrinform.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 July 2022. Dáta rochtana: 5 July 2022.
  8. Fields Medal | International Mathematical Union (IMU)”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 December 2018. Dáta rochtana: 5 July 2022.
  9. BBC 100 Women 2022: Who is on the list this year?” (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2022-12-10.
  10. Daniel (5 July 2022). “Mathematics: Fields Medal for Maryna Viazovska”. All News Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 July 2022. Dáta rochtana: 7 July 2022.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]