Mary Georgina Barton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMary Georgina Barton
Beathaisnéis
Breith3 Aibreán 1861
Dún Dealgan, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Samhain 1949
88 bliana d'aois
Berkshire, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1875 –  1950

Péintéir Éireannach ab ea Mary "Molly" Georgina Barton, a rugadh sa bhliain 1861 i nDún Dealgan, an duine ab óige de sheachtar páistí. Sa bhliain 1895, bhog sí go Londain lena hathair agus, trí bliana ina dhiaidh sin, thosaigh sí ag déanamh staidéar sa Scoil Ealaíne Westminster. Rinne sí staidéar sa Róimh freisin agus thug sí ranganna ealaíne ann. Sna blianta ina dhiaidh sin, i Sasana agus in Éireann, mhúin sí grúpaí beaga de mhná sna tithe na n-oidhrí dúiche agus tháinig sí ina ball de 'Women's International Art Club' agus 'The Water Colour Society of Ireland'.

Péintéir tírdhreacha ba ea Barton agus bhí a cuid ábhair ó radharcanna Éireannach go dtí radharcanna de chuid na dtíortha san Eoraip, an Ind, Ceanada agus Meicsiceo.

Sa bhliain 1904 bhí dhá cheann dá pictiúirí, "A Cypress Avenue" agus "Autumn in Muckross", i dtaispeántais dá saothar péintéirí Éireannacha a d'eagraigh Hugh Lane.

Go dtí lá a báis, taispeánadh sí go minic i Londain, i bPáras, agus timpeall na hEorpa.

Cailleadh í ar an 8 Samhain 1949.