Mary Elmes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mary Elmes
Saol
Eolas breitheCorcaigh, 5 Bealtaine 1908, 1909
NáisiúntachtÉire
BásPerpignan, 9 Márta 2002, 3 Meitheamh 2002
Oideachas
Alma materLondon School of Economics
Ashton School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmduine den lucht gnó agus daonnúlach
Duaiseanna
Fíréanta i Measc na Náisiún  (Eanáir 23, 2013)
Cleamhnú
ReiligiúinCumann na gCarad
Signature de Mary Elmes - Archives nationales (France).png

Ba bhean ghnó Éireannach agus oibrí cabhrach í Marie Elisabeth Jean Elmes (5 Bealtaine 19089 Márta 2002). Leagtar uirthi gur shábháil sí ar a laghad 200 leanbh Giúdach le linn an Uileloiscthe.  

Sa bhliain 2015, ba í an chéad agus an t-aon Éireannach amháin ar bhronn Stát Iosrael 'Fíréanta i measc na Náisiún' uirthi, mar aitheantas ar a cuid oibre le linn an chogaidh chathartha sa Spáinn agus sa Dara Cogadh Domhanda.[1]

Sráid Winthorp i gCorcaigh. Bhí an chógaslann suite san áit ina bhfuil MacDonalds ann anois (4 Sráid Winthrop).[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Elmes ar 5 Bealtaine 1908 i gCorcaigh, áit a raibh gnó poitigéara ag a hathair ar Shráid Winthrop (Edward Elmes agus a mátháir Elizabeth née Waters). Edward Elmes a bhí ar dtús ó phort Láirge, agus bhog sé go dtí Corcaigh. D'fhás Waters suas i gCorcaigh. Bhí deartháir amháin aici, John, a bhí ina dhiaidh i gceannas gnó an teaghlaigh.

D'fhreastail Elmes ar Scoil Rochelle i gCorcaigh. Ansin i 1928 chláraigh sí le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Fuair sí céim amach le chéadonóracha sa Nua-Litríocht (Fraincis agus Spáinnis) agus bronnadh bonn óir uirthi in 1931.

Sa bhliain 1935, mar gheall ar a cuid éachtaí acadúla, bronnadh scoláireacht ar Elmes chun staidéar a dhéanamh ag an London School of Economics. Fuair sí teastas i Staidéir Idirnáisiúnta chomh maith le scoláireacht chun leanúint ar aghaidh lena cuid oideachais sa Ghinéiv, an Eilvéis.

Cogadh Cathartha na Spáinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreag seo a suim sa bpolaitíocht agus thug uirthi dul chun na Spáinne le cabhrú leo sin a bhí gafa leis an gCogadh fuilteach Cathartha ansin.[3] I mí Feabhra 1937,chuaigh Elmes go dtí an Spáinn, ag obair in ospidéal na leanaí in Almeria. Chaith sí tréimhse ghearr ann agus ansin chuaigh sí go dtí Alicante, áit a raibh sí i mbun ospidéil ann.[4] Le linn an chogaidh chathartha sa Spáinn, thug Mary leanaí go leor slán ó bhuamaí a bhí á scaoileadh as eitleáin de chuid na Gearmáine agus na hIodáile.[5]

Campa géibhinn Rivesaltes

Dara Cogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a rinne arm buacach Franco géarleanúint ar an taobh Poblachtach, chuaigh Mary Elmes á dtionlacan ar deoraíocht trasna na teorann go campa géibhinn Rivesaltes in aice le Perpignan na Fraince. Ar an drochuair nuair a ghabh na Gearmánaigh an taobh sin sa Dara Cogadh Domhanda, b’as an gcampa seo a thosaigh siad ag seoladh príosúnach soir go dtí na campaí marfacha inar cuireadh na céadta míle duine chun báis. Shaothraigh Mary Elmes go dícheallach ag iarraidh páistí Giúdacha a tharrtháil ón gcinniúint sin agus rinne sí éachtaí ar a son. I measc eachtraí eile, choinnigh sí páistí i bhfolach i i mbúit a gluaisteáin féin.

I mí Eanáir (nó Feabhra) 1943, gabhadh Elmes ar amhras gur chuidigh sí le héalú na nGiúdach agus cuireadh i bpríosún í. Ina dhiaidh sin, aistríodh í go príosún míchlúiteach Fresnes, a reáchtáil an Gestapo in aice le Páras, áit ar chaith sí sé mhí.

Phós sí feirmeoir, Roger Danjou agus shocraigh sí síos i bPerpignan. Bhí beirt chlainne aici, Caroline in 1946 agus Patrick in 1948.[6][7]

Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tar éis an chogaidh, bronnadh an Léigiún Onóra ar Elmes (Fraincis: Légion d’honneur), an duais shibhialta is airde sa Fhrainc ag an am, ar dhiúltaigh sí glacadh léi ar bhonn nach raibh sí ag lorg aird nár mhian léi a bheith uirthi.
  • Ar an 23 Eanáir 2013, 11 bliain i ndiaidh a báis, bhí sí aitheanta tar éis a bháis ag Yad Vashem mar 'Fíréanta i measc na Náisiún'. A clann agus a garpháistí a bhfuair an dámhachtain thar a ceann.
  • Ar 30 Meán fómhair, 2016, bronnadh Gradam Trish Murphy uirthi ag an 'Network Ireland Business Woman of the Year Awards' i gCorcaigh. Ghlac a nia Mark Elmes leis.
  • Ar an 25 Feabhra 2019 d’fhógair Comhairle Cathrach Chorcaí go n-ainmneofaí droichead nua do choisithe a nascann Cé Phádraig le Cé na gCeannaithe i ndiaidh Mary Elmes. Osclaíodh don phobal é ar an 9 Iúil 2019.

Ainmnítear Duais Mary Elmes i Staidéar an Uileloiscthe, arna dháileadh ag Holocaust Education Trust Ireland i ndiaidh Elmes.

Is í an t-aon Éireannach ar bronnadh an gradam aitheanta daonnachtúil “Fíréan i measc na Náisiún” as a saothar.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Scannán TG̩4ː It Tolls for Thee. Scéal faoi chomhcheilg agus faoi mhisneach, ní hamháin go raibh Mary Elmes i gceartlár cogadh amháin sa fichiú haois ach bhí sí i gceartlár péire. "Scéal é seo faoin maith ag fáil an cheann is fearr ar an olc."
  • Scannán TG̩4ː Mary Elmes - Gairm chun Gnímh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Righteous Among The Nations". The Righteous Among The Nations. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  2. Irish Examiner (2014-07-03). "Sale of property" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  3. TG4 (2017). "Clár 2017". Dáta rochtana: 2020.
  4. "Mary Elmes 1908 – 2002" (fr-FR). Toulouse Quakers Weblog (2012-04-28). Dáta rochtana: 2020-11-04.
  5. "Song of Granite ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2017" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  6. corkcitylibraries.ie. "I got things done". Dáta rochtana: 2020.
  7. 17 M.F. 2016 (2016-09-17). "Meet Mary Elmes: The Irish woman who saved children from the horror of WWII concentration camps" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-11-04.