Jump to content

Martin Mansergh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMartin Mansergh

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Nollaig 1946
Woking, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meán Fómhair 2025
78 bliana d'aois
an Sahára Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: Tiobraid Árann Theas

Seanadóir na hÉireann
12 Meán Fómhair 2002 – 24 Bealtaine 2007
Téarma parlaiminte: 22ú Seanad Éireann

Aire Stáit sa Roinn Airgeadais
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Theampall Chríost, Oxford Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Cuir in eagar ar Wikidata

Iarchomhairleoir polaitíochta le Fianna Fáil ba ea Martin George Southcote Mansergh (31 Nollaig 1946 – 26 Meán Fómhair 2025). Státseirbhíseach, Seanadóir, Teachta Dála agus Aire Stáit ab ea é chomh maith.[1][2] Mar chomhairleoir polaitíochta ag triúr Taoiseach – Cathal Ó hEochaidh, Albert Reynolds agus Bertie Ahern – bhí baint nár bheag ag Mansergh leis an bpróiseas síochána sa Tuaisceart a chur sa siúl agus lena chur i gcrích, arbh é Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998 a bhuaic.

Rugadh Mansergh i Woking, Surrey sa bhliain 1946.. Ba mhac é do Diana Mary (née Keeton) agus don Ollamh Nicholas Mansergh, staraí cáiliúil as Tiobraid Árann. Cé gur i Sasana a rugadh agus a tógadh é, ba as Tiobraid Árann a athair – an staraí aitheanta Nicholas Mansergh, áit a raibh talamh ag a mhuintir ó aimsir Chromail.

Oideachas agus tús a ghairme

D'fhreastail Mansergh ar The King's School, Canterbury agus rinne sé staidéar ar "Pholaitíocht, Fealsúnacht agus Eacnamaíocht" in Christ Church, Ollscoil Oxford. Bhain sé Dochtúireacht amach sa Fhealsúnacht. Chuaigh sé isteach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn, agus ceapadh ina Thríú Rúnaí é i 1974 agus ina Chéad Rúnaí i 1977.

Comhairleoir polaitíochta agus an Próiseas Síochána

D'oibrigh Mansergh do Fhianna Fáil sna 1980idí. D'fhóin sé mar Stiúrthóir Taighde, Beartais agus mar Chomhairleoir Speisialta ar Thuaisceart Éireann. Nuair a d'fhill Ó hEochaidh i 1987, le Mansergh ina phríomhchomhairleoir ar Thuaisceart Éireann, thacaigh an Taoiseach leis an gComhaontú Angla-Éireannach, in ainneoin é a bheith ag cáineadh go géar é roimhe le linn 1985-1986.

I rith na tréimhse seo, thosaigh Mansergh ag labhairt leis an ngluaiseacht Phoblachtach, agus an tAthair Alec Reid ag gníomhú mar idirghabhálaí. Nuair a tháinig Albert Reynolds i gceannas go luath i 1992, cheap sé Mansergh mar a chomhairleoir ar Thuaisceart Éireann.

I gcaitheamh na mblianta íogaire sin, labhair Mansergh thar ceann Rialtas na hÉireann le poblachtaigh, le náisiúnaithe eile agus le hidirghabhálaithe ó thuaidh agus chuir sé comhairle ar pholaiteoirí sinsearacha i bhFianna Fáil faoin mbealach is fearr le dul i gceann an phróisis síochána.

Bhí baint lárnach ag Mansergh le réiteach síochána a fháil in Éirinn, go háirithe sna céimeanna luatha den phróiseas síochána. Bhí a chaibidlí rúnda i mBéal Feirste thar ceann na dTaoiseach ríthábhachtach chun socrú síochána a fháil níos déanaí in 1998.

Gairm Pholaitíochta

Agus bonn réasúnta láidir faoin tsíocháin ó thuaidh ar deireadh, chuir Mansergh a ainm chun cinn mar iarrthóir san olltoghchán ó dheas in 2002. Sheas sé do Fhianna Fáil i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas ach theip air, le 14.2% den vóta chéad rogha. Ansin toghadh é chuig an 22ú Seanad (Painéal Talmhaíochta) i mí Iúil na bliana sin. Cé gur theip air, chaith sé cúig bliana ina Sheanadóir nó gur bhuaigh sé suíochán ar an dara hiarraidh i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas in 2007. Toghadh é le 16% den vóta chéad rogha.

Ceapadh ina Aire Stáit é agus bhí cúraimí éagsúla. I mBealtaine 2008, cheap Brian Cowen é mar Aire Stáit sa Roinn Airgeadais le freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí agus mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta le freagracht speisialta as na hEalaíona. Chaill sé a shuíochán san olltoghchán in 2011.

Mar leas-chathaoirleach den Expert Advisory Group on the Decade of Centenaries, lean Mansergh air ag cur go mór le saol poiblí na hÉireann agus le comóradh Stair na hÉireann.[3]

Bás agus oidhreacht

Fuair Martin Mansergh bás go tobann ar 26 Meán Fómhair 2025 agus é ar cuairt ar an Sahára Thiar in éineacht le parlaiminteoirí eile Tugtar “an choilíneacht deiridh gan saoradh san Afraic” ar an Sahára Thiar agus bhí sé thall ansin in éindí le parlaiminteoirí eile a bhí ar scor..

Bhí sé 78 bliain d'aois ag an am. Thug polaiteoirí ar fud na tíre ómós dó.[4]

Ba bhall d'Eaglais na hÉireann é, agus bhí sé pósta le Elizabeth (née Young), iníon dochtúra ó Ghlaschú. Bhí cúigear clainne acu - ceathrar iníonacha agus mac amháin.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ "English-born and of unionist stock, dedicated peacemaker Martin Mansergh was the most unlikely Soldier of Destiny" (en). www.independent.ie (2025-09-26). Dáta rochtana: 2025-09-26.
  2. ↑ Stephen Collins. "Who was Martin Mansergh, what role did he play in Fianna Fáil and North’s peace process?" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-09-26.
  3. ↑ Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2025-09-28.
  4. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-09-26). "An t-iarchomhairleoir polaitíochta Martin Mansergh tar éis bháis" (as ga-IE).