Mark Carney
Eacnamaí agus polaiteoir Ceanadach is ea Mark Joseph Carney (rugadh é ar 16 Márta 1965). Tá sé ina phríomh-aire ar Cheanada ó 14 Márta 2025 agus ina cheannaire ar Pháirtí Liobrálach Cheanada ó 9 Márta 2025, nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Justin Trudeau. Roimhe sin bhí sé ina ochtú gobharnóir ar Bhanc Cheanada ó 2008 go 2013 agus ina 120ú gobharnóir ar Bhanc Shasana ó 2013 go 2020.
Rugadh Carney i Fort Smith i gCríocha an Iarthuaiscirt agus tógadh in Edmonton in Alberta é. Bhain sé céim bhaitsiléara san eacnamaíocht amach in Ollscoil Harvard sa bhliain 1988, agus céimeanna iarchéime in Ollscoil Oxford i 1993 agus i 1995. Chaith sé trí bliana déag ag Goldman Sachs sular chuaigh sé isteach i mBanc Cheanada mar leas-ghobharnóir sa bhliain 2003. Ceapadh ina Ghobharnóir ar an mbanc é i 2007, agus bhí sé freagrach as beartas airgeadaíochta na tíre le linn na géarchéime airgeadais domhanda. I 2013 ceapadh ina Ghobharnóir ar Bhanc Shasana é, áit ar stiúir sé freagairt bhanc ceannais na Breataine ar an mBreatimeacht agus ar chéad chéimeanna phaindéim COVID-19.
Tar éis dó éirí as an mbaincéireacht cheannais, bhí Carney ina chathaoirleach ag Brookfield Asset Management agus ar bhord stiúrthóirí Bloomberg LP.[1] Ceapadh ina thoscaire speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um ghníomhú ar son na haeráide agus um airgeadas é freisin.[2] Bhí sé ina chomhairleoir ag Justin Trudeau le linn na paindéime agus ina chathaoirleach ar thascfhórsa fáis eacnamaíochta an Pháirtí Liobrálaigh, agus bhuaigh sé ceannaireacht an pháirtí i mí an Mhárta 2025.

Tús a shaoil agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Carney ar 16 Márta 1965 i Fort Smith i gCríocha an Iarthuaiscirt.[3][4] Ba iad a thuismitheoirí Robert James Martin Carney, príomhoide meánscoile, agus Verlie Margaret (née Kemper), a d'fhan sa bhaile leis an gclann.[5][6][7][8] Ba as Contae Mhaigh Eo a sheantuismitheoirí athartha, agus ba as Contae an Chabháin muintir a sheanmháthar ar thaobh a mháthar.[9] Nuair a bhí Carney sé bliana d'aois bhog an teaghlach go Edmonton in Alberta.[4] Sheas a athair mar iarrthóir Liobrálach i dtoghcheantar Edmonton South in olltoghchán feidearálach 1980 agus tháinig sé sa dara háit.[10] D'fhill a mháthair ar an ollscoil chun cáilíocht san oideachas a bhaint amach nuair a bhí Carney deich mbliana d'aois.[5]
Triúr siblíní atá ag Carney: deartháir agus deirfiúr is sine ná é, Seán agus Brenda, agus deartháir is óige, Brian.[4][8] D'fhreastail sé ar Ardscoil Naomh Proinsias Xavier in Edmonton[11] sular thosaigh sé ag staidéar in Ollscoil Harvard, áit a raibh páirtscoláireacht agus cúnamh airgeadais aige.[4][5]
Bhain Carney céim bhaitsiléara le hardonóracha san eacnamaíocht amach in Harvard sa bhliain 1988,[4] agus rinne sé staidéar iarchéime in Ollscoil Oxford, i gColáiste Peadair agus i gColáiste Nuffield, áit ar bhain sé céim mháistreachta agus dochtúireacht amach sa réimse céanna i 1993 agus i 1995 faoi seach.[12][13] Le linn a bhlianta in Harvard bhí sé ina chúl báire ar an bhfoireann haca oighir[14] agus ina chomrádaí seomra ag na himreoirí Peter Chiarelli agus Mark Benning.[15][16] Bhí sé ina chomhchaptaen ar Chlub Haca Oighir Ollscoil Oxford in éineacht le David Lametti.[17]
Gairm airgeadais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith Carney trí bliana déag ag Goldman Sachs[18] agus é ag obair in oifigí an chomhlachta i mBostún, i Londain, i gCathair Nua-Eabhrac, i Tóiceo agus i Toronto.[19] Bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ar bhaincéireacht infheistíochta agus ina chomhcheannasaí ar riosca ceannasach, i measc post sinsearach eile. D'oibrigh sé ar theacht na hAfraice Theas iar-apartheid isteach sna margaí bannaí idirnáisiúnta, agus bhí baint aige le hobair Goldman le linn ghéarchéim airgeadais na Rúise i 1998.[4]
Sa bhliain 2003 d'fhág Carney Goldman Sachs le dul isteach i mBanc Cheanada mar leas-ghobharnóir.[20] Bliain ina dhiaidh sin earcaíodh chun na Roinne Airgeadais é mar leas-aire comhlach sinsearach, agus thosaigh sé sa ról sin ar 15 Samhain 2004.[21]
Bhí sé sa phost sin go Deireadh Fómhair 2007, agus é ina fhear ionaid ag Ceanada ag an G7 chomh maith. Le linn na tréimhse sin bhí sé i mbun phlean conspóideach an rialtais cáin a ghearradh ar iontaobhais ioncaim ag an bhfoinse,[22] agus bhí sé chun tosaigh ar dhíolachán brabúsach an sciair 19 faoin gcéad a bhí ag an rialtas feidearálach i Petro-Cheanada.[15][23]

Gobharnóir Bhanc Cheanada (2008–2013)
[cuir in eagar | athraigh foinse]I nDeireadh Fómhair 2007 ceapadh Carney ina Ghobharnóir ar Bhanc Cheanada.[24] D'fhág sé a phost sa Roinn Airgeadais láithreach bonn le bheith ina chomhairleoir ag an ngobharnóir a bhí ag éirí as, David Dodge, agus ghlac sé go foirmiúil le post Dodge ar 1 Feabhra 2008.[24]
Ghlac Carney leis an ról ag tús na géarchéime airgeadais domhanda. Nuair a ceapadh é, ba é an gobharnóir bainc ceannais ab óige sa G8 agus sa G20 é.[25]
Géarchéim airgeadais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar go raibh ról mór ag gníomhartha Carney mar Ghobharnóir chun Ceanada a chosaint ar an gcuid ba mheasa den ghéarchéim airgeadais.[26][27]
Ar na cinntí ba shuntasaí dá thréimhse bhí an ráta thar oíche a laghdú 50 bonnphointe i Márta 2008, gan ach mí caite ó chuaigh sé i mbun oifige. Cé gur ardaigh an Banc Ceannais Eorpach a rátaí i mí Iúil 2008, bhí Carney den tuairim go leathnódh géarchéim an chreidmheasa ar fud an domhain. Nuair a tháinig rátaí beartais Cheanada chomh gar do náid agus ab fhéidir, chuaigh an banc ceannais i muinín uirlise neamhchoitianta i mí Aibreáin 2009 — "tiomantas coinníollach" an ráta beartais a fhágáil gan athrú go ceann bliana ar a laghad — d'fhonn dálaí creidmheasa sa bhaile agus muinín an mhargaidh a threisiú. Thosaigh an t-aschur agus an fhostaíocht ag téarnamh i lár na bliana 2009, agus cuirtear cuid den téarnamh sin síos don spreagadh airgeadaíochta.[28] D'éirigh níos fearr le geilleagar Cheanada ná le geilleagair eile an G7 le linn na géarchéime, agus ba é Ceanada an chéad tír sa ghrúpa sin a thug a holltáirgeacht intíre (OTI) agus a leibhéal fostaíochta ar ais chuig an leibhéal a bhí acu roimh an ngéarchéim. Chuir an banc leachtacht bhreise shuntasach ar fáil don chóras airgeadais chomh maith.[29][30][31]
Gobharnóir Bhanc Shasana (2013–2020)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fógraíodh i Samhain 2012 go gceapfaí Carney ina Ghobharnóir ar Bhanc Shasana, agus ba eisean an chéad duine ó thar lear a bhí sa phost sin ó bunaíodh an banc sa bhliain 1694.[32] Bhí sé i mbun oifige ó 1 Iúil 2013 go 15 Márta 2020.[33] Thug sé isteach polasaí na treorach roimh ré (forward guidance) maidir le rátaí úis, bhí sé i gceannas ar fhreagairt an bhainc ar thoradh reifreann an Bhreatimeachta sa bhliain 2016 — rud a tharraing cáineadh air ó lucht tacaíochta an Bhreatimeachta — agus ghearr sé an ráta úis go 0.1 faoin gcéad i Márta 2020 nuair a bhuail paindéim COVID-19.
Príomh-aire
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhógair Justin Trudeau i mí Eanáir 2025 go raibh sé le héirí as, agus chuaigh Carney san iomaíocht do cheannaireacht an Pháirtí Liobrálaigh. Bhuaigh sé an rás ar an gcéad chomhaireamh ar 9 Márta 2025 le 85.9 faoin gcéad den vóta,[34] agus ceapadh ina phríomh-aire é ar 14 Márta.[35]
Olltoghchán 2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhógair Carney olltoghchán go luath ina dhiaidh sin, agus gheall sé roimh an vótáil go n-aontódh sé socrú nua eacnamaíochta agus slándála leis na Stáit Aontaithe. Ar 28 Aibreán 2025 bhuaigh na Liobrálaigh 169 suíochán, trí shuíochán níos lú ná mar a theastaigh chun tromlach a bheith acu, agus bunaíodh rialtas mionlaigh. Toghadh Carney féin i dtoghcheantar Nepean in Ontario.[36] Bhain a pháirtí tromlach amach i mí Aibreáin 2026 nuair a bhuaigh sé corrthoghcháin agus nuair a d'aistrigh roinnt teachtaí ón bhfreasúra chuig na Liobrálaigh.[37]
I mbun oifige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Donald Trump le fios gur mhaith leis Ceanada a ghabháil. "Sílim féin gur pósadh iontach a bheadh ann", a dúirt Trump le Carney ar an 6 Bealtaine 2025. Dúirt Carney leis nach bhfuil Ceanada ar díol, agus nach raibh aon spéis ag muintir na tíre sin a bheith mar chuid de na Stáit Aontaithe.[38]
D'aithin Ceanada stát na Palaistíne go foirmiúil i Meán Fómhair 2025, tar éis do Carney a rá go ndéanfaí amhlaidh ar choinníoll go gcuirfeadh Údarás na Palaistíne leasuithe rialachais i bhfeidhm.[39]

Cuairt ar Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Carney cuairt oifigiúil ar Éirinn i mí an Mheithimh 2026, an chéad chuairt dhéthaobhach ó phríomh-aire Ceanadach le beagnach deich mbliana. Bhuail sé leis an Taoiseach Micheál Martin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar 13 Meitheamh, agus an lá dár gcionn thug sé cuairt ar Achadh Ghobhair i gContae Mhaigh Eo, an ceantar ónar imigh a sheantuismitheoirí athartha go Ceanada sa bhliain 1925. D'fhreastail sé ar Aifreann sa séipéal paróiste agus chuaigh sé chuig an reilig ina bhfuil cuid dá shinsir curtha.[9]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Carney Diana Fox, eacnamaí Briotanach, sa bhliain 1994, agus tá ceathrar iníonacha acu. Bhí saoránacht na hÉireann aige ar feadh na mblianta fada agus ghlac sé le saoránacht na Breataine sa bhliain 2018; thug sé an dá shaoránacht sin suas sular ceapadh ina phríomh-aire é, toisc gur chreid sé nár chóir ach saoránacht amháin a bheith ag príomh-aire.[40]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Thomas, Daniel (August 21, 2023). "Bloomberg overhauls management team with Mark Carney to lead new board". Financial Times.
- ↑ “Mark Carney” (en-US). Glasgow Financial Alliance for Net Zero (June 8, 2021). Dáta rochtana: 2024-02-09.
- ↑ "Bank of Canada's Mark Carney: Personal and career highlights at a glance". CBC News (November 26, 2012).
- 1 2 3 4 5 6 Scoffield, Heather (January 25, 2008). "Mark Carney takes up his mission [March 30, 2009 update]" (print, online news report). The Globe and Mail: B1, B4–5. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- 1 2 3 Belluz (April 21, 2011). “One-on-One with Mark Carney”. Reader's Digest. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- ↑ Globe and Mail Staff (December 14, 2009). "Carney, Robert James, Ph.D., Professor Emeritus, University of Alberta" (Obituary). The Globe and Mail. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- ↑ Staff (1957). "Marriages: Carney-Kemper" (as en) (bulletin entry). UBC Alumni Chronicle, Autumn. Vancouver: University of British Columbia. Dáta rochtana: June 24, 2016. “Carney-Kemper. Robert James Martin Carney, B.A.'57, to Verlie Margaret Kemper”
- 1 2 “Robert Carney's Obituary on Edmonton Journal”. Edmonton Journal. Dáta rochtana: July 20, 2016.
- 1 2 "How Ireland helped shape the Prime Minister of Canada". RTÉ News (June 13, 2026).
- ↑ Rana (January 13, 2025). “Carney expected to launch Liberal leadership bid in Edmonton Thursday: sources”. The Hill Times.
- ↑ "Mark Carney: From Edmonton Journal paperboy to Bank of England". Edmonton Journal.
- ↑ “Mark Carney – Governor, Bank of England”. bankofengland.co.uk. Dáta rochtana: July 20, 2016.
- ↑ CBC News Staff (October 4, 2007). "Mark Carney named next Bank of Canada governor" (as en) (news brief). CBC News. Ottawa: The Crown. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- ↑ “1986-87 Harvard Men's Ice Hockey Profile (historical tab)”. Harvard University. Dáta rochtana: January 31, 2025.
- 1 2 Stewart, Sinclair (August 26, 2009). "The governor gets his hands dirty". The Globe and Mail.
- ↑ "Is Peter Chiarelli prepared for the challenges of building a contender around Connor McDavid?". The Athletic (November 6, 2018).
- ↑ "The Bank of England gets a goaltender". The Globe and Mail. Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 3, 2017.
- ↑ Goodman, Peter S. (September 16, 2016). "As Britain Confronts 'Brexit', a Canadian Takes Center Stage: Mark Carney". The New York Times.
- ↑ "Meet the Guv'nor: Mark Carney, the hockey-playing Goldman Sachs banker who is the new boss of the Bank of England". Evening Standard.
- ↑ “Bank of Canada announces Deputy Governor appointments” (en-US). www.bankofcanada.ca. Dáta rochtana: 2023-05-29.
- ↑ Staff (October 21, 2004). “Deputy Governor Mark Carney appointed Senior Associate Deputy Minister of Finance” (press release). Bank of Canada. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- ↑ Willis (October 4, 2007). "Playing a new game, in a new arena" (business news report). The Globe and Mail. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- ↑ Staff (October 4, 2007). “Key facts on Mark Carney, next Bank of Canada chief”. Reuters. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- 1 2 Bank of Canada (October 4, 2007). “Mark Carney Appointed Governor of the Bank of Canada” (press release). Bank of Canada. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- ↑ "Carney vaults over heir apparent for Bank of Canada top job". National Post. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 20, 2011.
- ↑ Quinn (November 30, 2009). “Carney Shows How Canada Controls Risk So Central Banks Can Too”. Bloomberg News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 29, 2011. Dáta rochtana: February 12, 2011.
- ↑ "Mark Carney: Interesting times". CBC News.
- ↑ Verma, Sid (2012). "Mark Carney: Finance's new statesman". Euromoney (October). Dáta rochtana: March 16, 2021.
- ↑ Zorn, Lorie (2009). "Bank of Canada Liquidity Actions in Response to the Financial Market Turmoil". Bank of Canada Review (Autumn). Ottawa: Bank of Canada. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- ↑ Staff (April 21, 2009). “Bank of Canada lowers overnight rate target by 1/4 percentage point to 1/4 per cent and, conditional on the inflation outlook, commits to hold current policy rate until the end of the second quarter of 2010” (press release). Bank of Canada. Dáta rochtana: June 24, 2016.
- ↑ Staff (December 10, 2010). “Canada: 2010 Article IV Consultation—Staff Supplement, Staff Report, and Public Information Notice on the Executive Board Discussion (IMF Country Report 10/377)”. Dáta rochtana: November 26, 2012.
- ↑ "New Governor of the Bank of England announced". Bank of England (November 26, 2012).
- ↑ "Mark Carney – Governor 2013–2020". Bank of England.
- ↑ "Mark Carney wins race to replace Canada's Trudeau". RTÉ News (March 9, 2025).
- ↑ "Swearing-in of the 30th Canadian Ministry". Oifig Phríomh-Aire Cheanada (March 14, 2025).
- ↑ "Liberals to fall just short of overall majority in Canada". RTÉ News (April 29, 2025).
- ↑ "Carney clinches majority government in Canadian elections". RTÉ News (April 14, 2026).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-06). "Níl Ceanada ar díol agus ní bheidh choíche" (as ga-IE).
- ↑ "Canada to recognise state of Palestine in September". RTÉ News (July 30, 2025).
- ↑ "Why Mark Carney is dropping both his Irish and U.K. passports". CBC News.