Maria von Jever
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 5 Meán Fómhair 1500 (Féilire Ghréagóra) Jever |
| Bás | 20 Feabhra 1575 (Féilire Ghréagóra) 74 bliana d'aois Jever |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | rialtóir, polaiteoir |
| Teangacha | An Ghearmáinis |

Bhí Maria von Jever ina leasrí ar Jever, baile stairiúil i dtuaisceart na Gearmáine. Rugadh Maria ar an 5 Meán Fómhair, 1500. Ba é Edo Wiemken, rialtóir Jever, a hathair, agus ba í dara bean chéile Edo, Heilwig von Oldenburg, a máthair. Cailleadh Heilwig nuair nach raibh ach bliain amháin slánaithe ag Maria. Cailleadh Edo Wiemken agus a oidhre, Christoph, deartháir Maria, sa bhliain 1511 agus mar sin ceapadh Maria mar leasrí. Fuair sí bás sa bhliain 1575.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |