Jump to content

Maria Steen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaria Steen
Beathaisnéis
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmailtire, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata

Is abhcóide, agus gníomhaire a sheasann ar son luachanna sóisialta coimeádacha, í Maria Steen (née Davin).[1] Is ball den Institiúid Iona í, eagraíocht choimeádach shóisialta Chaitliceach.

2014: bhagair Steen et al caingean dlí in aghaidh Panti Bliss

In 2014, bhí Steen i measc bhaill na hInstitiúide Iona a bhagair caingean dlí in aghaidh RTÉ agus Panti Bliss mar gheall ar éilimh Rory O'Neill go raibh an Institiúid Iona homafóbach. Fuair sí cuid den socrú €85,000. Tugadh "Pantigate" ar an scéal.[2]

Rinne Steen feachtas in aghaidh reifreann na bliana 2015 chun pósadh comhghnéis a dhéanamh dlíthiúil in Éirinn. Ghlac sí páirt i ndíospóireachtaí teilifíse roimh an reifreann.

In 2017, dúirt Steen gur dheimhnigh an tOchtú Leasú smacht na vótóirí ar pholaiteoirí –  ní fhéadfaí a bheith cinnte, dar léi, céard a dhéanfaidís sin amach anseo dá uireasa.[3] (I reifreann in 2018, vótáil muintir na hÉireann chun an tOchtú Leasú a aisghairm).[4]

In 2018, rinne Steen feachtas freisin in aghaidh reifreann na bliana sin chun ginmhilleadh a dhéanamh dlíthiúil, agus in aghaidh reifrinn na bliana 2024 chun sainmhíniú bunreachtúil na teaghlaigh a fhairsingiú (a bhain le dualgais na mban sa bhaile).

I mí Lúnasa 2025, chuaigh Steen san iomaíocht i dToghchán uachtaránachta na hÉireann 2025. Bhí tacaíocht ag Steen ó Aontú, Independent Ireland agus roinnt neamhspleách eile, cuid acu a dúirt nach mbeidís ag vótáil di ach go raibh sé tábhachtach go mbeadh sí ar an mballóid.[5][6][7][8]

Níor éirigh sa deireadh le feachtas Steen a hainm a chur ar an bpáipéar ballóide.[9] Scór ainmniúchán ó bhaill an Oireachtais a theastaigh (idir Theachtaí Dála agus Sheanadóirí), ach níor éirigh léi ach 18 a fháil.[10]

Ní hí an chéad duine dá teaghlach a rith in olltoghchán uachtaránachta. Rith aintín Steen, Joan Freeman agus bunaitheoir Tí Pieta, i dToghchán uachtaránachta 2018.

Tá Gaeilge ag Steen ach níl mórán aici. Chaith sí bliain ar scoil sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge. Bhí an scéim sin ann an uair sin nuair a bhí deis ag daoine bliain sa bhunscoil a dhéanamh sa Rinn agus chuaigh sí féin ann ar feadh na bliana.[11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Críoch curtha leis an allagar reifrinn ar RTÉ le comhscór" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-05-23). Dáta rochtana: 2025-09-21.
  2. Han Tiernan (2023-05-22). "Remembering the impact of Panti's historic Noble Call" (en). GCN. Dáta rochtana: 2025-09-22.
  3. Cathal Mac Coille (16 Nollaig 2017). "Ná tabhair aon aird ar na pobalbhreitheanna – ní féidir toradh an reifrinn seo a thuar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-21.
  4. oireachtas.ie (2018). "An Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018". Dáta rochtana: 2020.
  5. Nuacht RTÉ (2025-09-12). "Tóibín ag iarraidh go mbeidh iarrthóir eile sa rás uachtaránachta" (as ga-iE). 
  6. Raidió na Gaeltachta. (2025-09-12). "Cuan Ó Seireadáin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-09-22.
  7. "Triúr san iomaíocht don toghchán uachtaránachta, an sprioc caillte ag Steen" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-24). Dáta rochtana: 2025-09-24.
  8. D'iarr Peadar Tóibín as Aontú ar Éire Neamhspleách dul i bpáirt le hAontú chun vótáil ar son iarrthóra a sheasfaidh sa toghchán uachtaránachta. Ach dúirt Éire Neamhspleách nach vótálfaidh siad ar son Maria Steen mura bhfaigheann sí tacaíocht ó 16 ionadaí eile i dTithe an Oireachtais.
  9. Louise Burne Political Correspondent (2025-09-24). "Maria Steen concedes presidential race, says political consensus 'detached from public’s wishes'" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2025-09-24.
  10. Is iad na Teachtaí Dála eile a thacaíonn le hainmniúchán Steen – Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, Paul Lawless, Aontú, agus na Teachtaí neamhspleácha, Michael Healy-Rae, Danny Healy-Rae, Gillian Toole, Marian Harkin, Mattie McGrath, Carol Nolan agus Paul Gogarty. Tá tacaíocht an tSeanadóra, Sarah O’Reilly, Aontú, ag Steen chomh maith leis na seanadóirí neamhspleácha Joe Conway, Rónán Mullen, Aubrey McCarthy agus Sharon Keogan; cuid acu a dúirt nach mbeidís ag vótáil di ach go raibh sé tábhachtach go mbeadh sí ar an mballóid..
  11. Maitiú Ó Coimín (24 Meán Fómhair 2025). "Gaeilge ag Maria Steen ‘a bhféadfaí snas a chur uirthi’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-24.