Margaret Hassan (oibrí cabhrach, 1945-2004)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Margaret Hassan
Saol
Eolas breitheDeilginis, 18 Aibreán 1945
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Bás8 Samhain 2004
Cúis bháisdúnmharú
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmeacnamaí agus daonnúlach
CARE International

Oibrí cabhrach, de shliocht Éireannach, ab ea Margaret Hassan (18 Aibreán 19458 Samhain 2004). Rugadh í i mBaile Átha Cliath agus d'fhás sí suas i Londain.

Bhí sí ag obair le CARE International[1] san Iaráic sna 2000idí.

Fuadaíodh í san Iaráic, le linn Chogadh na hIaráice, ar an 19 Deireadh Fómhair 2004. Seoladh físeán le Hassan, ag impí, "The British people, tell Mr Tony Blair to take the troops out of Iraq and not bring them here to Baghdad" (thosaigh an Cogadh i mí na Márta 2003).

Dúnmharaíodh í go brúidiúil tamall ina dhiaidh, ar an 8 Samhain 2004 is cosúil.[2][3] Seoladh físeán agus í á gcur chun báis.

Chuir CARE International deireadh lena ghníomhaíochtaí san Iaráic ina dhiaidh an eachtra seo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Care International" (as en) (2021-09-22). Wikipedia. 
  2. Robert Fisk (2011-10-23). "The tragic last moments of Margaret Hassan" (en). The Independent. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  3. "Robert Fisk" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-19.