Margadh aonair na hEorpa
Is é margadh aonair na hEorpa nó an margadh inmheánach Eorpach[1] (Béarla: European single market, European internal market nó European common market) an margadh aonair le baill ann go príomha na 27 ballstát den Aontas Eorpach (AE). le héisteachtaí áirithe, tá an fosta an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua (tríd an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch), agus an Eilvéis (trí chonarthaí déthaobhacha).
Deimhníonn an margadh aonair saorghluaiseacht earraí, caipitil, seirbhísí agus daoine, aitheanta le chéile mar cheithre shaoirse an Aontais Eorpaigh.[2][3][4][5] Déantar seo le rialacha agus caighdeáin chomónta atá ina gceangal dlí ar gach ballstát.
Tá sé mar aidhm ag an margadh ná iomaíocht, roinnt an tsaothair agus barainneachtaí scála a chur chun cinn, rud a ligint le hearráidí agus tosca táirgeachta a bhogadh gan srian.[6][7] Tá obair fud le déanamh chun an margadh aonair seo a bhaint amach, go háirithe sa réimse seirbhísí.[8] Dar le meastachán a rinneadh sa bhliain 2019, mar thoradh an mhargaidh, tá méadú 9% ann ar an meán in OTI na mballstát.[9]
Tá ar gachtír is iarrthóir comhaontú comhlachais a dhéanamh leis an AE, agus is gá di é a chur i bhfeidhm roimh aontachas.[10] Trí Limistéir Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST / DCFTA) leis an AE, bronnadh rochtain teoranta ar an Seoirsia, ar Moldóiv agus ar an Úcráin chuid an margadh aonair in earnálacha áirithe.[11] Tá roinnt rochtana ag an Tuirc a bhuí leis an Aontas Custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc.[12]
D'fhág an Ríocht Aontaithe an margadh aonair ar an 31ú Nollaig 2020. Rinneadh comhaontas idir rialtas na RA agus an Coimisiún Eorpach chun teorainn oscailte a choimeád ar oileán na hÉireann.[13]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Téarma: margadh aonair na hEorpa, an margadh inmheánach Eorpach". IATE. Dáta rochtana: 09-02-2026.
- ↑ "General policy framework". ec.europa.eu (2014-10-30). Dáta rochtana: 2014-12-01.
- ↑ "The European Single Market". Europa web portal. Dáta rochtana: 28ú Bealtaine 2016.
- ↑ "Internal Market". an Coimisiún Eorpach. Dáta rochtana: 17ú Meitheamh 2015.
- ↑ Barnard, Catherine. "Competence Review: The Internal Market". Department for Business, Innovation and Skills. Dáta rochtana: 17ú Meitheamh 2015.
- ↑ "A Single Market for goods". Coimisiún Eorpach. Europa web portal. Dáta rochtana: 27ú Meitheamh 2007.
- ↑ "Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economc and Social Committee and the Committee of the Regions: A Common European Sales Law to facilitate Cross-Border Transactions in the Single Market". EUR-Lex. Dáta rochtana: 09-02-2026.
- ↑ European Commission, Completing the Single Market, archived on 17 February 2012
- ↑ in ’t Veld, Jan (2019). "The economic benefits of the EU Single Market in goods and services". Journal of Policy Modeling 41 (5): 803–818. doi:.
- ↑ "Association agreement". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2024-06-25.
- ↑ The EU-Ukraine Association Agreement and Deep and Comprehensive Free Trade Area What's it all about?. European External Action Service. Curtha i gcartlann 13 Nollaig 2016 ar an Wayback Machine.
- ↑ "Decision No 1/95 of the EC-Turkey Association Council of 22 December 1995 on implementing the final phase of the Customs Union". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Márta 2013. Dáta rochtana: 13 Feabhra 2026.
- ↑ "Brexit Agreement". Coimisiún Eorpach.
| Is síol faoin Aontas Eorpach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |