Marú oibrithe cabhracha i Rafah, 2025
| ||||
Cineál | eirleach coir chogaidh ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadht Iosrael-Hamas agus Gaza genocide ![]() | |||
Dáta na bliana | 23 Márta 2025 ![]() | |||
Suíomh | Al-Hashashin, Stát na Palaistíne (en) ![]() ![]() | |||
Tír | Stát na Palaistíne ![]() | |||
Íospartach | Munther Abed (en) ![]() ![]() | |||
Líon básanna | 15 ![]() | |||
Líon gortaithe | 0 ![]() | |||
Déantóir na coire | Fórsaí Cosanta Iosrael ![]() | |||
Ar an 23 Márta 2025 mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléir a bhí scaoilte i neasraon.[1] Bhí na hoibrithe cabhracha i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu.[2][3]

Sléacht agus ceilt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt urlabhraí míleata Iosraelach gur “thosaigh na fórsaí ag scaoileadh ar sceimhlitheoirí a bhí ag gluaiseacht chun tosaigh in otharcairr”. Dúirt sé go raibh soilsí na n-otharcharranna múchta, ach tháinig sé chun solais níos déanaí gur bréag a bhí ann.
Seachtain i ndiaidh an ionsaithe, ar an 30 Márta, thángthas ar corpáin na n-oibrithe (seachas duine amháin, gafa ag an IDF agus d'imigh sí gan tásc ná tuairisc) in olluaigh sa ghaineamh, dar le hOifig na Náisiún Aontaithe.
Ansin tháinig físeán chun solais gur sléacht a bhí ann i ndáiríre. Nuair a stopadh na feithiclí, thóg oibrí amháin a fhón phóca amach agus thosaigh sé ag taifeadadh an t-ionsaí. Maraíodh an t-oibrí. Ach thángthas ar a fhón san olluaigh.[4][5][6]
Nuair a tharla an t-ionsaí, chuaigh ollscartairí agus tochaltóir de chuid Iosrael isteach chun an méid a tharla a cheilt. Réabadh an gaineamhlach agus caitheadh na feithiclí - otharcarranna agus inneall dóiteáin - faoi thalamh.
Adhlacadh na coirp i bpoll eile. Scaoileadh an paraimhíochaineoir a thaifead an eachtra sa cheann agus é faoi bhéal an ghunna. Maraíodh fir eile i neasraon agus a lámha ceangailte.
Nuair a thángthas ar an bhfíseán, dúirt urlabhraí míleata Iosraelach go raibh fiosrúchán faoin eachtra idir lámha.[3]
Tháinig oibrí daonnúil eile slán as an sléacht agus bhí sé in ann a scéal a insint. Ní raibh aon bhaol pionóis ar an IDF agus ba chuma leis an IDF, is cosúil, go mbeadh scéal an fhir seo sna meáin níos déanaí. Ach ansin tháinig an físeán chun solais agus fianaise a chruthaigh go raibh na líomhaintí fíor.
Is minic a bhíonn ionsaithe dírithe ar oibrithe daonnúla sa chogadh in Gaza, agus maraíodh 408 díobh idir Deireadh Fómhair 2023-Aibreán 2025.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh trácht ar bith faoin eachtra seo ar Tuairisc.ie ná rte.ie/nuacht.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Lorenzo Tondo, Malak A. Tantesh, Julian Borger (2025-04-01). "Palestinian paramedics shot by Israeli forces had hands tied, witnesses say" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-04-11.
- ↑ Malak A. Tantesh, Julian Borger (2025-04-03). "‘I heard them take their last breath’: survivor recounts Gaza paramedic killings" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-04-10.
- ↑ 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge, Londain (5 Aibreán 2025). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-04-10.
- ↑ Farnaz Fassihi, Christoph Koettl (2025-04-05). "Video Shows Aid Workers Killed in Gaza Under Gunfire Barrage, With Ambulance Lights On" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-04-11.
- ↑ Farnaz Fassihi, Christoph Koettl (2025-04-05). "Video Shows Aid Workers Killed in Gaza Under Gunfire Barrage, With Ambulance Lights On" (en-US). NYT ar archive.today. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-04-07. Dáta rochtana: 2025-04-10.
- ↑ Source: As credited (2025-04-05). "Footage shows moment Israeli soldiers killed Palestinian paramedics – video" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-04-11.