Marú Renee Good
| ||||
| Cineál | ionsaí lámhaigh marú | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Operation Metro Surge (en) | |||
| Dáta na bliana | 7 Eanáir 2026 (09:37. an tAmchrios Lárnach, UTC−06:00) | |||
| Suíomh | Portland Avenue South, Minnesota | |||
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
| Feithicil | Honda Pilot | |||
| Is cúis le | temporarily closed school (en) agóid | |||
| Íospartach | Renée Good íospartach lámhaigh | |||
| Líon básanna | 1 | |||
| Líon gortaithe | 1 0 | |||
| Imscrúduithe ag | Minnesota Bureau of Criminal Apprehension (en) | |||
| Déantóir na coire | Jonathan Ross (killer (en) | |||
| Arm | piostal | |||
| Meán cumarsáide | ||||
Ar an 7 Eanáir 2026, lámhaigh gníomhaire de chuid Fhorfheidhmiú Inimirce agus Custaim na Stát Aontaithe (ICE), Renee Nicole Good go marfach i Minneapolis, Minnesota. Bhí Good ina suí go díomhaoin i ngluaisteán ag láthair oibríocht leanúnach ICEl, nuair a chuaigh gníomhairí ICE chuici, a thug orduithe contrártha di. Agus Good ag iarraidh imeacht as an gceantar, mar fhreagra ar cheann de na horduithe a eisíodh,[1] d'imigh sí thar ceann de na gníomhairí [2] a lámhaigh sa chloigeann í [3][4] cé nach raibh an gníomhaire ina seasamh i gcosán an ghluaisteáin.[5] Chosain oifigigh Chónaidhme agus an tUachtarán Donald Trump an lámhach, ag maíomh gur ghníomhaigh an gníomhaire ICE le haghaidh féinchosanta agus gur thriail Good dul sa mhullach air.[6] Chuir finnéithe súl, anailís iriseoirí ar fhís - scannáin, figiúirí áitiúla, agus lucht dlí an Pháirtí Dhaonlathaigh na héilimh seo faoi dhíospóid go forleathan, agus d'éiligh na Daonlathaigh, imscrúdú coiriúil.[7]
Thosaigh agóidí i gcoinne an lámhaigh i Minneapolis agus i gcathracha eile sna Stáit Aontaithe. D'iarr méara Minneapolis, Jacob Frey, agus gobharnóir Minnesota, Tim Walz, ar an rialtas feidearálach deireadh a chur lena láithreacht sa chathair. D'eisigh Roinn Slándála Dúchais na Stát Aontaithe (DHS) ráitis ag rá gur gortaíodh an gníomhaire ICE ach go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh sé chuige féin; thuairiscigh The Guardian nach raibh "no visible sign in the videos of ICE officers being injured", agus thuairiscigh The Independent nach raibh físeáin ó lucht féachana ag tacú le ráiteas an DHS.[2][8] Rinne na céadta duine agóid i Minneapolis, agus rinne níos mó agóid i gcathracha cosúil le Chicago, Nua-Eabhrac, agus Ceantar Columbia.[1]
| Físeáin seachtracha | |
|---|---|
| Físeán den lámhach arna thaifeadadh ag Caitlin Callenson | |
| Físeáin seachtracha | |
|---|---|
| Cuireann gníomhairí ICE cosc ar dhochtúir seiceáil a dhéanamh ar íospartach lámhaigh | |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Eyewitnesses say Renee Good posed ‘no threat’ to ICE agents". Minnesota Public Radio. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2026.
- ↑ 2.0 2.1 "Woman in Minnesota fatally shot by ICE agent during raid, video shows" (en-GB). The Guardian. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 7, 2026.
- ↑ Sagrero (January 7, 2025). “Seattle joins national protest following Minneapolis ICE shooting”. KUOW (Seattle). Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2026.
- ↑ Pizzirani (January 8, 2025). “ICE agent fatally shoots woman amid US immigration crackdown in Minneapolis”. ABC (Australia). Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2026.
- ↑ "ICE agent was not in the vehicle’s path when he fired at driver, video shows" (en-US). The Washington Post. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2026.
- ↑ “US immigration officer fatally shoots woman in Minneapolis” (en-GB). www.bbc.com (January 8, 2026). Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2026. Dáta rochtana: January 8, 2026.
- ↑ Barnett (January 6, 2026). “Mayor Jacob Frey's remarks after ICE agent fatally shot woman in Minneapolis”. The Minnesota Star Tribune.
- ↑ Pizzirani (January 8, 2025). “ICE agent fatally shoots woman amid US immigration crackdown in Minneapolis”. ABC (Australia). Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2026.
