Jump to content

María Corina Machado

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaría Corina Machado

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Deireadh Fómhair 1967
58 bliana d'aois
Caracas, Veiniséala Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the National Assembly of Venezuela (en) Aistrigh
2010 – 2014 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAndrés Bello Catholic University (en) Aistrigh
Institute of Advanced Studies in Administration (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCaracas
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Dath súileDonn
Dathán gruaigeGruaig dhonn
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Caracas Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, gníomhaí ar son chearta an duine, industrial engineer (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAndrés Bello Catholic University (en) Aistrigh
Radio Caracas Radio (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaVente Venezuela (en) Aistrigh (2012–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Súmate (en) Aistrigh (2002–2010) Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtVenezuelan opposition (en) Aistrigh
TeangachaAn Spáinnis
Ghlac sé/sí páirt i
2014La Salida (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
MáthairCorina Parisca
Gradam a fuarthas
Síniú


Facebook: mariacorina X: mariacorinaYA Instagram: mariacorinamachado Youtube: UCKYDNilHSZmHXY7nzYJ8pbg Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir agus innealtóir tionsclaíoch Veiniséalach is ea María Corina Machado Parisca (a rugadh ar an 7 Deireadh Fómhair 1967). Ceannaire mór le rá den fhreasúra i gcoinne réimeas údarásach Nicolás Maduro, bhí sí ina ball den Tionól Náisiúnta (Spáinnis: Asamblea Nacional) ó 2011 go 2014, agus sheas sí mar iarrthóir i dtoghcháin uachtaránachta agus í brúite faoi chois ag réimeas Mhaduro.

Bhí Duais Nobel na Síochána bronnta ar María Corina Machado sa bhliain 2025.[1]

2013
2015
2019
2024

Luathshaol agus oideachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Machado i gCaracas, Veiniséala, ar an 7 Deireadh Fómhair 1967.[2] Is de shliocht an 3ú Marcas Toro í, Sebastián José Antonio Rodríguez del Toro y Ascanio (1739 -1787), agus is í an duine is sine í de cheathrar iníonacha an tsíceolaí Corina Parisca (1940) agus an fear gnó cruach Henrique Machado Zuloaga (1930 -2023), a bhí ina nia ag Armando Zuloaga, a maraíodh in éirí amach i gcoinne an deachtóra Veiniséalaigh Juan Vicente Gómez. Tá sí chomh maith ina sin-sin-gharneacht d'Eduardo Blanco, sin-sin-neacht de Martín Tovar y Tovar, agus sin-gharneacht de Ricardo Zuloaga.[3][4]

Chuir Machado tús lena gairm pholaitiúil mar bhunaitheoir ar an eagraíocht faireacháin vótaí Súmate. Is í Comhordaitheoir Náisiúnta an pháirtí pholaitiúil Vente Venezuela í, agus sheas sí i réamhthoghchán uachtaránachta an fhreasúra sa bhliain 2012, a chaill sí in aghaidh Henrique Capriles. Le linn léirsithe Veiniséalacha in 2014, bhí ról ceannródaíoch aici maidir le agóidí a eagrú i gcoinne rialtas an Uachtaráin Nicolás Maduro.[5]

Sa bhliain 2023, bhuaigh Machado toghcháin phríomha an fhreasúra (Elecciones primarias de la Plataforma Unitaria de 2023) chun a bheith ina hiarrthóir aontachta do toghchán uachtaránachta 2024. Ina dhiaidh sin, chuir rialtas Veiniséala cosc uirthi dul san iomaíocht sa toghchán. D'ainmnigh sí Corina Yoris mar iarrthóir ina háit, agus ina dhiaidh sin cuireadh Edmundo González Urrutia ina hionad. Maíonn torthaí toghcháin an fhreasúra gur bhuaigh an freasúra an toghchán, agus d’éiligh rialtas Maduro bua freisin. Go gairid ina dhiaidh sin, i mí Lúnasa 2024, d'fhógair Machado go raibh sí imithe i bhfolach, ag lua imní faoina sábháilteacht agus a saoirse faoi réimeas uathlathach Mhaduro.

Tá Machado ar a coimeád ó na húdaráis ó 2024 agus í fós ina cónaí i Veiniséala. Ainneoin na mbagairtí ar fad a rinneadh agus a dhéantar uirthi, níl lá rúin aici teitheadh as Veiniséala, ar sí, diongbháilteacht a thugann misneach dá comhthírigh an fód a sheasamh ina teannta.[1]

Tá aitheantas idirnáisiúnta faighte ag Machado as a cuid gníomhaíochais. Ainmníodh Machado ar dhuine de 100 Mná BBC in 2018,[6] agus liostáil an iris Time Machado i measc na 100 duine is mó tionchar sa bhliain 2025.[1][7]

Sa bhliain 2025, bronnadh Duais Nobel na Síochána uirthi. D'fhógair Coiste Nobel na hIorua gur as a cuid oibre gan stad ar son chearta daonlathacha mhuintir Veiniséala a bronnadh an gradam uirthi. Bhí Machado, thar aon cheann eile dá suáilcí, in ann grúpaí éagsúla freasúra a thabhairt le chéile le dúil Veiniséala a athrú ó dheachtóireacht go stát daonlathach. Eiseamláir is ea an misneach atá aici, a dúradh.[8] [1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2025-10-10). "Duais Síochána Nobel bronnta ar María Corina Machado" (as ga-IE). 
  2. "Mi experiencia" (es). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Márta 2010. Dáta rochtana: 10 Deireadh Fómhair 2025.
  3. "María Corina" (es).
  4. "The Saturday Profile; Venezuela's Best-Loved, or Maybe Most-Hated, Citizen". The New York Times.
  5. "Venezuela Protests Drive Poor to Maduro as Death Toll Mounts". Business Week. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 March 2014.
  6. "BBC 100 Women 2018: Who is on the list?" (en-GB).
  7. "María Corina Machado: The 100 Most Influential People of 2025" (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Deireadh Fómhair 2025. Dáta rochtana: 10 Deireadh Fómhair 2025.
  8. "Announcement, Nobel Peace Prize 2025". NobelPrize.org (Preaseisiúint). Nobel Foundation. 10 October 2025. Aisghafa 10 October 2025.