Jump to content

Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seoladh Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann (MASÉ) ar an 27 Meitheamh 2022,[1] tionscadal faoi stiúir Choláiste na Tríonóide agus cuid de Tionscadal Éireann 2040.[2] Ar an 27 Meitheamh 1922 chuaigh na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath trí thine. Scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí, mar aon le hábhar seacht gcéad bliain de cháipéisí staire.[3] Chun na bailiúcháin a loisceadh a athchruthú ar bhonn digiteach, tháinig lucht staire, ríomhaireachta, cartlannaíochta agus leabharlannaíochta le chéile

Sa bhliain 2025 bhí níos mó ná 350,000 cáipéis ar fáil ann. Is féidir cuardach a dhéanamh ar fud 250 milliún focal d’ábhar maidir le stair na hÉireann.

Le linn na 2020idí, bhí 75 foras cuimhne ar fud oileán na hÉireann agus an domhain ar fad ag cur íomhánna digiteacha ar fáil de cháipéisí ionaid — trascríbhinní agus cóipeanna — don chartlann ar líne. Áirítear orthu sin na príomhpháirtnéirí: An Chartlann Náisiúnta (NAI), Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI), The National Archives (TNA) sa Ríocht Aontaithe, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (IMC) agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Deep History, Deepening Collaborations". virtualtreasury.ie. Dáta rochtana: 2025-07-06.
  2. straitéis uileghabhálach fhadtéarmach an rialtais chun go mbeidh Éirinn níos fearr do mhuintir na tíre ar fad
  3. Tús Áite: RnaG (2022). "Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann" (as ga-IE). 
  4. Trinity College Dublin. "175,000 taifead stairiúil nua eisithe ag Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann" (en). www.tcd.ie. Dáta rochtana: 2025-07-06.