Majella Ní Dhomhnaill
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Bré |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | úrscéalaí, drámadóir, gearrscéalaí, achtúire |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is gearrscéalaí, drámadóir, úrscéalaí do dhaoine fásta agus achtúire as Bré i gContae Chill Mhantáin í Majella Ní Dhomhnaill. Foilsíodh a céad chnuasach gearrscéalta, Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile (Cló Iar-Chonnacht) sa bhliain 2024,[1] agus ainmníodh an cnuasach sin ar an ngearrliosta do Ghradam Love Leabhar Gaeilge (Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana) ag na Gradaim Leabhar An Post 2024. Tá gradaim bainte ag a cuid gearrscéalta ag comórtais de chuid an Manchester Irish Language Group agus Books Ireland le beagán de bhlianta anuas. Bhain a dráma raidió, Bíobla don Bheirt Againn, duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais na bliana 2022 agus craoladh den chéad uair é ar an stáisiún Phoenix fm sa bhliain 2023. Bronnadh duais ar a céad úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta, Mise do Mhamó, ag Comórtais Liteartha an Oireachtais na bliana 2019 agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR sa bhliain 2020 é. Tá cónaí ar Majella i mBaile Átha Cliath anois lena fear céile is a mbeirt pháistí, agus a saol gairmiúil caite mar achtúire aici. Luann sí go bhfuil sí fíorbhuíoch as an tacaíocht atá faighte aici thar na blianta lena dúil sa Ghaeilge a chothú.
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile - ISBN 9781784442637, 2024
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |