Mairéad Ní Fhearghail
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Márta 1957 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 6 Márta 1988 31 bliana d'aois Giobráltar, Ríocht Aontaithe |
Siocair bháis | Tráma balaistíoch |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Ghramadaí an Rátha Mhóir |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Mairéad Farrell (neacht) |
Paramíleatach poblachtach ba ea Mairéad Ní Fhearghail. Rugadh í ar an 3ú lá de Lúnasa sa bhliain 1957 i mBéal Feirste, an páiste is óige agus an cailín amháin as seisear páistí a bhí ag Daniel Ó Fearghail agus a bhean chéile dar sloinne Carrghamhna.
Fuair Ní Fhearghail oideachas i scoil ghramadaí an Rátha Mhóir i mBéal Feirste, agus d'fhág sí leathbhealach tríd O-leibhéal chun obair in oifig árachais. Chuaigh sí isteach in eite ógra an IRA nuair a bhí sí 14 bliana d'aois, ag comhlíonadh dualgais mhíleata dhá bhliain ina dhiaidh sin.
Lámhach agus mharaigh saighdiúirí de chuid Arm na Breataine Ní Fhearghail agus beirt óglach i nGiobráltar ar an 6 Márta 1988. In 1995, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur maraíodh an triúr go neamhdhleathach.