Mainistir Átha Iseal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Átha Iseal
Íomhá
Sonraí
CineálPrióireacht
Tréith
Stíl ailtireachtaailtireacht Ghotach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Thiobraid Árann, Éire
Map
 52°28′46″N 7°59′01″W / 52.479317°N 7.983733°W / 52.479317; -7.983733
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir120

Mainistir Átha Iseal le fáil ina bhfothraigh ar bhruach thiar na Siúire, 8 gciliméadar siar ó dheas ó Chaiseal. Na Canónaigh Rialta Agaistíneacha a bhunaigh í, rud a rinne siad faoi choimirce Uaitéir de Burgh, an chéad Iarla Uladh. Cuireadh ann é sa bhliain 1271. Ní raibh lárchóras riaracháin ag na hAgaistínigh mar a bhí ag na Cistéirsigh, rud a fhágann gur beag taifead atá le fáil anois. Nuair a cuireadh Mainistir Átha Iseal ar bun bhí mórán Canónach Agaistíneach in Éirinn, agus os cionn céad is fiche mainistir acu. Is í Ardeaglais Chríost i mBaile Átha Cliath an ceann is suntasaí díobh.

Tar éis scaoileadh na mainistreacha sa 16ú haois, bronnadh tailte Mhainistir Átha Iseal ar Thomás, Iarla Urmhumhan.

Ailteoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téitear chun na mainistreach thar dhroichead agus trí theach geata, agus is léir gur iomaí athchóiriú a rinneadh ar na foirgnimh. Laghdaíodh cuid acu chun freastal ar chomhthionól níos lú. Bhí príomhphasáiste na heaglaise ina reilig leis na céadta bliain, agus tá iarsma scáthlán croise le feiceáil. Tá na ballaí lán de phoill a mbaintí feidhm astu chun cuaillí scafaill a iompar, agus a mbaineann na cága feidhm astu anois le haghaidh a gcuid nead.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Leask, Irish Churches & Monastic Buildings, Vol.2
  • McCraith, Athassel Priory and its Patrons, The New Ireland Review, 1910
  • Athassel Abbey, The Commissioners of Public Works

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]