Mainistir Dhoiminiceach Chaisil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Dhoiminiceach Chaisil
Íomhá
Sonraí
CineálAbtheach agus fothrach mainistreach
Map
 52°31′05″N 7°53′16″W / 52.51803°N 7.88783°W / 52.51803; -7.88783
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir193

Mainistir meánaoiseach i gContae Thiobraid Árann is ea Mainistir Dhoiminic Chaisil (Mainistir Naomh Dhoiminic).[1][2] Tá sí le fáil 300 méadar soir ó dheas ó Charraig Phádraig.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Dáibhí Mac Ceallaigh, Ardeaspag Chaisil, í in 1243, le linn Anraoi III Shasana, agus tugadh manaigh isteach ó Chorcaigh. Sna blianta 1256, 1289 agus 1307 chuir Uachtarántacht na nDoiminiceach in Éirinn a caibidil chúigeach ar bun ann.

Rinneadh eaglais na mainistreach a mhéadú timpeall na bliana 1270. Dódh an mhainistir de thimpiste ina dhiaidh sin, ach atógadh í agus chomhbhunaigh Seán Cantwell II í in 1480. Chuir an Prióir Éadbhard de Brún cuid di ar léas sna blianta 1535-6. In 1540 scaoileadh í agus tugadh í ar léas do Pheadar Ó Ceallaigh agus do Váitéar Fleming.

Ag an am sin bhí eaglais agus cloigtheach ann, suanlios, seomra le dhá shiléar, reilig, dhá úllord agus dhá gharraí. Bronnadh an mhainistir ar Váitéar Fleming in 1543-4.[4]

In 1756 bhí cúigear ball den Ord ina gcónaí ann ach ní raibh ach duine amháin ann faoin mbliain 1801. Ba é an tAthair Conway an Doiminiceach deireanach i gCaiseal agus é ann fós in 1850.

Foirgnimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an mhainistir nach mór crosdealbhach agus trastúr ard ann.[5] Pasáiste amháin atá ann agus croslann.[6]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]