Mainistir Bheigthí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Bheigthí
Íomhá
Sonraí
CineálAbtheach
Foirgníocht14 Eanáir 1147 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1537 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBeigthigh, Éire
Map
 53°34′57″N 6°42′10″W / 53.5825527°N 6.7027057°W / 53.5825527; -6.7027057
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir187

Fothracha mainistreach Cistéirsí cois Bóinne i gContae na Mí is ea Mainistir Bheigthí (Bective Abbey as Béarla). Bhunaigh Murchad Ua Maeil Sheachlainn, Rí na Mí, í sa bhliain 1150 mar fho-mhainistir den Mhainistir Mhór, agus tiomnaíodh í don Mhaighdean Bheannaithe.[1] Bhíodh suíochán ag ab na mainistreach seo i bParlaimint na Páile sna meánaoiseanna, agus é ina údarás saolta agus spioradálta araon. Bhí sí ar na chéad mhainistreacha in Éirinn a cuireadh faoi chois le linn Dhíscaoileadh na Mainistreacha sna blianta 1535/36, ó ba rud é go raibh sí chomh gar sin d'ionad cumhachta na nGall i mBaile Átha Cliath.

In ainneoin nach bhfuil ach fothracha ann anois, tá dea-chaoi orthu i gcomparáid le go leor dá leithéid ón ré chéanna. Is séadchomhartha náisiúnta í agus tá í ar oscailt don phobal.

Ábhair Shainspéise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh cuid de radhairc an scánnáin Braveheart, le Mel Gibson, a scannánú i Mainistir Bheigthí sna 1990idí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Boylan, Henry, A Valley of Kings: The Boyne, (Baile Átha Cliath 1988), lth. 29

Leabhair Thagartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Boylan, Henry, A Valley of Kings: The Boyne, (Baile Átha Cliath 1988)