Mainéar an Mhuilinn, Má Nuad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainéar an Mhuilinn, Má Nuad
Íomhá
Sonraí
CineálSiopalann
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinMaigh Nuad, Éire
Suíomh gréasáin oifigiúilmanormills.ie

Is éard is Mainéar an Mhuilinn, Má Nuad ann ná ionad siopadóireachta atá lonnaithe ar shuíomh seanmhuillte.

Tagann an logainm Má Nuad ó dhúthaigh an Taoisigh Cheiltigh áitiúil Nuada. B'é Nuada Airgeadlámh an Ceannaire Ceilteach sa cheantar. De réir na miotaseoíochta chaill sé a ghéag i gcath agus rinne Dian Cecht lámh airgid dhó. De réir na ndlíthe Ceilteacha bhí ar an Taoiseach a bheith iomlán ina chorp, le gach ball beatha a bheíth slán aige nó aici. Thóg na Gearaltaigh caisleán anseo sa bhliain 1176. B'é Muiris Mac Gearailt an chéad ridire Angla-Normannach i Má Nuad. Ag deire on dara haois déag tosaiodh ar daingean cloiche in áit daingean ársa. Ba láthair iontach é seo don Dún toísc go ritheann an Laidhrín (fo-abhainn d'abhainn an Rí ar an teorainn thuaidh agus go bhfuil fo-abhainn eile ag sní ar na teorainneacha theas agus thoir. Sa bhliain 1328 tá cur síos ar an suíomh mar seo a leanas. Caisleán cloiche, halla le cistín cheann tuí, bácús, gairdín, feirm, bóitheach, stábla, túirín, scioból, colmlann agus muileann. Is é seo an chéad chur síos ar taifead ar an láthair ina bhfuil Ionad Siopadóireachta Mhainéar an Mhuilinn. Bhí droichead thar an Laidhrín mar cheangal idir an caisleán agus an muileann.

Gabhadh an caisleán sa bhliain 1535 agus is ann a chuir fear Ionad an Rí faoi go dtí athreimníú na nGearaltach i 1550. Rinne Richard Boyle, 1ú larla Chorcaí, athair céile Sheoirse 16ú larla Chill Dara athchóiriú agus méadú ar an gcaisleán ach rinneadh damáiste don chaisleán i rith an chogaidh sa bhliain 1640. Bhailigh an tlarla leis ón gcaisleán go gairid ina dhiaidh sin agus tháinig droch-chaoi ar an áit, níor fhill siad ar Mhá Nuad go ceann céad bliain ina dhiaidh sin.

I lár an tseachtú haoise déag bhí dhá mhuileann ar an látháir, iad lonnaithe ar an dá thaobh den Laidhrín. Bhí ceann amháin ag dmeilt coirce agus an ceann eile ag meilt plúir. I lár an naoú haois déag bhí na muilte i ndroch-staid. Bhí droch-chaoi ar an muileann plúir agus bhí deireadh leis an muileann choirce. Ba le Diúc Laighean an suíomh ach nuair a d'fhill na Gearaltaigh ar Mhá Nuad, chuir siad fúthu i dTeach Carton ar an taobh thoir den bhaile.

Tamal!=l ina dhiaidh sin thóg Edward Kavanagh seilbh ar ghnó an mhuilinn ar an látháir. Bhí cáil ar mhuintir Kavanagh mar mhuilleadóirí i mBaile Átha Cliath. Thóg Thomas Smyth as Cill Droichid an Roth Muilinn i 1850 agus lean an roth céanna ag obair go dtí lár na haoise ina dhiaidh sin.

Ghabh an Roth Muilinn seo cumhacht as an Laidhrín don mhuileann suas go dtí lár an chéid seo caite. Ba ghnáth-radharc i Má Nuad san fhichiú haois na sluaite asal is carr ag feitheamh go foighneach taobh amuigh den mhuileann. Ba ócáid shóisialta é seo do mhuintir na tuaithe labhairt le chéile agus b'fhéidir deoch nó dhó a bhlaiseadh sa bhaile. Le himeacht ama ba iad na tarracóirí a tháinig in áit na n-asal is na gcarr. Nuair a díoladh an muileann choimeád muintir Ionad an Mhuilinn an Roth Muilinn ar an láthair. Cé go raibh trastomhas an Rotha Muilinn tábhachtach, b'é an toirt uisce is a luas a thug neart don Roth Mhuilinn. Cuid de na rothaí d'fhaighidís a gcumhacht ón uisce ag titim anuas orthu agus cuid eile acu, is ón uisce thíos fúthu a thagadh an tiomáint. Na rothaí ba mhó cumhachta (iad siúd leis an each-chumhacht ba mhó) ba iad siúd na cinn leis na buicéid ba leithne le trastomhas cuí móide titim uisce. Conas is féidir each-chumhacht roth muilinn a thomhas? Le linn an naoú haois déag nuair a thug suirbhéirí rialtais cuairt ar gach aon mhuileann sa tír — 2,600 díobh — tugadh an treoir seo dóibh: an méid uisce ciúbach a thiocfadh amach as buicéad in aghaidh an nóiméid a mhéadú fá .001325 móide an titim uisce - b'shin each-chumhacht an rotha muilinn." Anuas air sin bhraith cumas meilte an mhuilinn ar líon agus ar mhéid na gcloch meilte. É sin ar fad sular ceapadh an t-inneall áirimh! Le himeacht aimsire tháinig deireadh le ré an Rotha Muilinn is na gCloch Mheilte is leis na hasail is na cairr le teacht na n-inneall nua-aimseartha. Ghéill Mainéar Mhuileann na nGearaltach ón tríú haois déag slí do Mhainéar Mhuileann na gCaomhánach sa 19ú haois, go dtí gur tháinig Ionad Siopadóireachta Mhainéar an Mhuilinn ar an bhfód, mar atá sé sa lá atá inniu ann.

Sruth-Mhuilinn sa Ghleann -níor sceitheadh don abhainn nach bhfuil aon Mhuileann ann

Haiku le Stuart Lane (1932-2007)

(Bunaithe ar chomhartha eolais de chuid Ghrúpa Staire Mhaigh Nuad 2009.)