Magairlín glas
| Neotinea maculata | |
|---|---|
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Asparagales |
| Fine | Orchidaceae |
| Treibh | Orchideae |
| Géineas | Neotinea |
| Speiceas | Neotinea maculata Stearn, 1975 |
Is magairlín dúchasach don Áise Bheag agus do chodanna den Eoraip agus Tuaisceart na hAfraice í an Neotinea maculata, an magairlín glas. [1] (Cóid) [2] [Neotinea maculata]
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cruth dronuilleogach ag na duilleoga agus tá fad de 5 cm acu. Cruthaíonn siad bonn-róiséad a fhorbraíonn ó nóidíní cruinne faoi thalamh atá suas le 6 cm ar thrastomhas. Tagann na gais amach go hingearach ón róiséad agus clúdaítear iad ar feadh trian dá bhfad le bracht glas éadrom. Bíonn tréimhse an bhláthaithe ó mhí Aibreán go mí Meitheamh agus le linn na tréimhse sin a tháirgtear bláthra de bhláthanna beaga bána go bándearga. Aimsítear é ar an taobh thiar d'Éirinn agus tig leat é a haimsiú ag fás ar chosáin aolchlocha, ar dhumhcha agus ar fhéarthailte gairid cailcreach.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “World Checklist of Selected Plant Families”.
- ↑ “World Checklist of Selected Plant Families TDWG Geocodes”.
- ↑ Zoe Devlin. "Wildflowers of Ireland- Information on dense-flowered orchid". Dáta rochtana: 25/05/26.
- Bateman R.M., 2003 Molecular phylogenetics and evolution of Orchidinae and selected Habenariinae (Orchidaceae). Bot. J. Linn. Soc. 2003; 142(1): 1-40.
- Delforge P., 2001 Guide des orchidées D'Europe, d'Afrique du Nord et du Proche-Orient, 2° ed, Lausanne, Delachaux et Niestlé ISBN
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Neotinea maculata Pierre Delforge
| Is síol planda é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |