Jump to content

Músaem Muirí na Gailíse

Músaem Muirí na Gailíse
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(gl) Museo Do Mar de Galicia Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálMúsaem muirí agus músaem Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúlaMeitheamh 2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinVigo, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 42° 13′ 27″ N, 8° 46′ 13″ O / 42.22414°N,8.77017°W / 42.22414; -8.77017
Suíomh gréasáin oifigiúilmuseodomar.xunta.gal…

Tógadh Músaem Muirí na GailíseMuseo do Mar de Galicia[1] in 2004, lonnaithe sa chathair Vigo. Iascaireacht, feirmeoireacht sliogéisc, tógáil báid, gnóthaí móra próiseáil éisc, siopaí móra earraí mara – tádar uile le feiceáil ann.

Insítear stair an cheantair agus go háirithe na tionscail mhóra mhara a d’fhás ann ó thosaigh taiscéalaíocht na mara ón Spáinn. Tá na ‘bateas’ diúilicíní an-fheiceálach amuigh ar an bhfarraige. Sa mhúsaem deirtear go bhfuil 3,000 acu ann agus suas le 12,000 duine ag obair sa tionscal. Agus 300,000 tonna diúilicíní á dtáirgeadh chuile bhliain sa Ghailís féin, is ón nGailís a thagann 20% de tháirgeadh iomlán diúilicíní  an domhain.[2]

Tógadh Músaem Muirí  na Gailíse in 2004, ach tá cuma an-nua-aoiseach fós air. Tá leagan amach drámatúil air, agus fuinneoga socraithe in áiteacha a thugann léargas amach ar an gcuan, nó ar theach solais, nó ar radharc álainn den saol cois cuain.[2]

An Naomh Gobnait

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an naomhóg, an ‘Naomh Gobnait’. suite san iarsmalann, timpeallaithe ag taispeántais éagsúla a bhaineann le cathair mhór Vigo – na longa, na báid iascaireachta, na monarchana canála, na longa cabhlaigh, na hinnill, na hiarsmaí ó Mheiriceá, na cairteacha. Thart timpeall ar an Naomh Gobnait, tá taispeántas an-deas ag míniú stair ‘Camino an tSáile’, le cois beagán den stair a bhaineann leis an Spáinn agus Éire ann freisin.

In 2017 Bhásaigh Domhnall Mac Síthigh ó Baile an Fheirtéaraigh in eachtra farraige a tharla amach ó chósta iarthuaisceart na Spáinne, mar ar iompaigh an naomhóg, an Naomh Gobnait, nó Naomhóg na Tinte, béal fúithi.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i Spáinnis, Museo del Mar de Galicia
  2. 2.0 2.1 2.2 Mairéad Ní Nuadháin (21 Meitheamh 2019). "LITIR ÓN SPÁINN: An ‘Naomh Gobnait’ á comóradh, agus tragóid eile sa mhullach orainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-12.