Múchóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda is ea an mhúchóg, í bliantúil nó ilbhliantúil, seadánach, gan chlóraifill. Ní bhíonn feiceálach os cionn talún ach na spící tiubha bláthaithe. Na duilleoga laghdaithe ina lanna, na bláthanna déliopach i bhfaondathanna, donn den chuid is mó. Dúchasach do réigiúin theo mheasartha sa Seandomhan. Faigheann sí gach bia trí dhiúláin, ceangailte le fréamhacha an óstaigh. I measc na n-óstach bíonn eidhneán, giolcach sléibhe, nóinín agus cuid mhaith eile. Mar sin féin, bíonn an chuid is mó de na múchóga sainiúil d'óstach amháin nó beagán óstach.