Míol teanga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMíol teanga
Cymothoa exigua Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeMalacostraca
OrdIsopoda
FineCymothoidae
GéineasCymothoa
SpeiceasCymothoa exigua Cuir in eagar ar Wikidata
Jørgen Matthias Christian Schiødte agus Meinert, 1884

Is seadán sliogánach é an míol teanga (Cymothoa exigua), san fhine Cymothoidae. Tagann an seadán seo isteach sna geolbhaigh agus beireann sí greim ar bhun teanga an éisc. Is é an míol baineann a bheireann greim ar an teanga ach beireann an míol fireann greim ar na geolbhaigh, faoin mhíol baineann agus ar a cúl. Tá na cinn bhaineanna idir 8-29mm ar fad agus 4-14mm ar leithead ar a mhéad. Ar an taobh eile, tá na cinn fhireanna idir 7.5 - 15mm ar fad agus 3-7mm ar leithead. Súnn siad fuil trína gcuid crúb tosaigh agus críonann teanga an éisc mar gheall ar ghanntanas fola. Tagann an seadán in áit na teanga ansin, ag glacadh greim ar bhun na teanga agus tá an t-iasc in ann an seadán a úsáid mar theanga. Dealraíonn sé nach ndéanann an t-iasc dochar ar bith eile don iasc óstach. Nuair a bhíonn an míol in áit na teanga, tá cuid díobh ag maireachtáil ar fhuil an óstaigh agus an chuid eile ar smugairle an éisc. Is é seo an t-aon seadán a bhfuilimid eolach air a thagann go hiomlán in áit bhall coirp a óstaigh. Tá go leor míolta sa ghéineas Cymothoa, ach is é C. exigua an t-aon cheann a itheann agus a thagann in áit theanga a óstaigh.

Tá an míol teanga go maith coitianta agus tagtar orthu ó Mhurascaill Chalifornia ó dheas go dtí Murascaill Guayaquil in Eacuadór. Aimsíodh dhá iasc leo i gCósta Ríce le déanaí. Aimsíodh idir doimhne 2m agus 60m iad agus go bhfios dúinn, maireann siad ar 8 gcineál éisc thar 2 ord is 4 fhine.

Aimsíodh iasc sa Ríocht Aontaithe i 2005 ina raibh míol teanga. Toisc go bhfuil an seadán coitianta ar chladaí Chalifornia, tá daoine ann den bharúil go bhfuil sin ina chomhartha go bhfuil raon an tseadáin ag leathnú; ach b'fhéidir go raibh an míol ag siúl i mbéal an éisc is gur nocht sé sa Ríocht Aontaithe trí thimpiste amháin.

Níl na heolaithe ar an eolas faoi shaolré an mhíl. Úsáideann sé atáirgeadh gnéasach agus dealraíonn sé gurb iad na cinn óga a bheireann greim ar gheolbhaigh éisc. Tá siad ina bhfireannaigh ag an am sin ach mar a fhásann siad níos sine, tiontaíonn siad ina mná. Mura bhfuil baineannach ar bith ar gheolbhaigh an éisc ach níos mó ná aon fhireannach amháin, tiontaíonn ceann amháin acu ina bean fad is a bhíonn sé níos faide ná 10mm. Is é an bhean a bhogann go béal an éisc agus a ghreamaíonn lena teanga lena crúba.